Ceimicí fisiciúil a rugadh i mBéal Feirste agus a d'oibrigh i gColáiste na Ríona 1849-1879 ab ea Thomas Andrews (9 Nollaig 181326 Samhain 1885). Rinne sé tomhais chruinne ar theas neodraithe, teas déanmhaíochta, teas imoibrithe, agus teas folaigh galúcháin.

Infotaula de personaThomas Andrews

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Nollaig 1813
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Samhain 1885
71 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Dhún Éideann
Dámh Eolaíochta Pháras
Acadamh Ríoga Bhéal Feirste
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Ollscoil Ghlaschú
Foras Ollscolach Bhéal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeimic
Gairmfisiceoir, ceimiceoir, dochtúir leighis Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil na Banríona, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
An Cumann Ríoga (1849–) Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileJane Hardie Walker (1842–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteElizabeth Andrews, Jane H. Johnstone Andrews, Mary Andrews, Penelope Andrews, James Walker Andrews, Thomas John Andrews Cuir in eagar ar Wikidata
AthairThomas John Andrews  agus Elizabeth R. Stevenson
Gradam a fuarthas

Bhain sé feidhm den chéad uair as buama-chalraiméadar. Chruthaigh sé nach comhdhúil é ózón ach allatróp ocsaigine. Rinne sé taighde ceannródaíoch ar dhé-ocsaíd charbóin, agus airíonna na ngás.

Thóg sé trealamh chun gáis a chur faoi ardbhrú, agus thaispeáin nach gcloíonn na buangháis, fiú, le dlí Boyle faoi fhíorchúinsí.

Thaispeáin sé gur féidir iad a leachtú faoi ardbhrú má íslítear an teocht faoi theocht chriticiúil, teocht ar leith do gach buanghás (1861).

Bhí na léargais seo ar an teorainn idir an staid ghásach is an staid leachtach bunúsach d'an-chuid forbairtí nua-aoiseacha (mar shampla, an timthriall cuisnithe sa chuisneoir).[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Thomas Andrews". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 39.