Thor Heyerdahl
antraipeolaí Ioruach
Antraipeolaí a rugadh i Larvik na hIorua ab ea Thor Heyerdahl (6 Deireadh Fómhair 1914 – 18 Aibreán 2002). Sa bhliain 1947 sheol sé rafta balsa, Kon-Tiki, trasna an Aigéin Chiúin ó Pheiriú go hoileánra Thuamatú chun taispeáint gurbh fhéidir le hIndiaigh Pheiriú taisteal go dtí an Pholainéis agus cur fúthu ansin — ach níl aon fhianaise go ndearna siad amhlaidh. I 1970 sheol sé bád paipíre, Ra II, ó Mharacó go dtí na hIndiacha Thiar. I 1977-1978 rinne sé an t-aistear ón Iaráic go Djibouti ar bhád giolcach, Tigris.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Thor Heyerdahl". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 345.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |