Is é Craobhchomórtas UEFA sacair na hEorpa 2028, ar a dtugtar Euro 2028 freisin, an 16ú eagrán de Chraobhchomórtas Sacair na hEorpa, comórtas a eagraíonn UEFA.

WD Bosca Sonraí Comórtas SpóirtUEFA Euro 2028
Cuir in eagar ar Wikidata
CineálCraobhchomórtas Sacair na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíUEFA Cuir in eagar ar Wikidata
Áit agus dáta
Áitna hOileáin Cheilteacha 54° N, 4° O / 54°N,4°W / 54; -4 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe agus Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Eatramh15 Meitheamh 2028 – 15 Iúil 2028 Cuir in eagar ar Wikidata
Eagrán18  (2028) Cuir in eagar ar Wikidata

2024 Cuir in eagar ar Wikidata
2032 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Páirc Mhic Easmainn

Is in Éirinn agus sa Bhreatain a chomhreáchtálfar craobhchomórtas sacair Euro 2028.[1] Is in Éirinn agus i gCaerdydd, Dún Éideann, Birmingham, Learpholl, Londain, Manchain agus Newcastle a imreofar na cluichí eile.

Tá dhá pháirc imeartha in Éirinn luaite i gcomhiarratas na hÉireann agus na Breataine, mar atá, Staid Aviva i mBaile Átha Cliath agus Páirc Mhic Easmainn / Páirc Mhic Ásmaint i mBéal Feirste. Tá beagán éiginnteachta ag baint le Páirc Mhic Easmainn, áfach, ó tá moill curtha ar an obair mhór athfhorbartha atáthar ceaptha a dhéanamh ar an áit.

Thug Rialtas na hÉireann le fios sa bhliain 2022 gur luach €361 milliún an sochar eacnamaíochta a bhainfí as cluichí Euro 2028 a imirt in ÉIrinn.[1]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2023-10-04). "Cluichí i gcraobhchomórtas sacair Euro 2028 le himirt in Éirinn" (as ga-IE).