Lainseáladh dhá spásárthach, Voyager 1 is Voyager 2, i 1977, bliain a raibh fithisí na bpláinéad go léir oiriúnach chun gurbh fhéidir le spásárthach amháin eitilt thar gach ceann acu is pictiúir a ghlacadh díobh in aon chamchuairt amháin. Mar sin, tar éis lainseáil Voyager 1 chuaigh sé thar Iúpatar i 1979 is thar Shatarn i 1980. Lainseáladh Voyager 2 i 1977 agus thrasnaigh sé Iúpatar i 1979, Satarn i 1981, Úránas i 1986, agus Neiptiún i 1989. Faoi 1991 bhí an dá spásárthach ag druidim i dtreo an héalastad mar a dtéann réimse maighnéadach na Gréine i léig. Ghlac siad an-chuid pictiúr de na pláinéid seo uile, agus thug an chéad léargas ar bholcáin Io, gealach de chuid Iúpatair, agus an-chuid dá bhfuil ar eolas faoi Úránas is Neiptiún. Fuinnmhithe ag gineadóirí teirmileictreacha RTG, agus an teas ó mheath mais raidiseatóip mar fhoinse teasa acu.[1]

WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisVoyager

Cineál miseanclár NASA agus tionscadal
Oibritheoir   NASA Cuir in eagar ar Wikidata

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Voyager". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 701.

Naisc sheachtracha cuir in eagar