Walter Rudolf Hess

fiseolaí Eilvéiseach (1881-1973)

Fiseolaí a rugadh i bhFrauenfeld na hEilvéise ab ea Walter Rudolf Hess (17 Márta 188112 Lúnasa 1973). Rinne sé taighde ar rialú bhrú na fola, ráta buailte an chroí, agus a ngaolta siúd le riospráid. Ó 1925 dhírigh a thaighde ar fheidhmeanna na struchtúr ag bun na hinchinne. Shaothraigh sé leictreoidí míne snáthaide le pointí áitiúla san inchinn a spreagadh, agus thaispeáin gur athraigh spreagthaí ag pointí ar leith sa hipeatalamas teocht na colainne, ráta an chroí, nó brú na fola, rud a chuir fearg, spreagadh chun gnéis, nó codladh ar dhuine. Sa bhliain 1949 bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le António Egas Muniz as a shaothar cuimsitheach ar an inchinn.[1]

Infotaula de personaWalter Rudolf Hess

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(de) Walter Hess
Beathaisnéis
Breith17 Márta 1881
Frauenfeld, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Lúnasa 1973
92 bliana d'aois
Muralto, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaBeirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Zürich Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFiseolaíocht daonna, oftailmeolaíocht, eolaíocht néarchórais agus máinliacht
Gairmdochtúir leighis, máinlia, bitheolaí, staraí na healaíne, múinteoir ollscoile, oftailmeolaí, eolaí néarchórais, fiseolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Zürich Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaKonrad Akert
Suíomh a chartlainne
Gradam a fuarthas

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Walter Rudolf Hess". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 344.