Tánaiste
Is é an Tánaiste leascheannaire rialtais na hÉireann, nó an tOireachtas mar a thugtar air. Caithfidh an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Airgeadais bheith ina mbaill de Dháil Éireann, an teach ísle san Oireachtas. Ceaptar an Tánaiste ag Uachtarán na hÉireann, tar éis ainmníocht ón Taoiseach. D'fheidhmeodh an Tánaiste thar ceann an Taoisigh dá bhfaigheadh seisean bás nó dá gcuirfí ó chumas é, go dtí go gceapfaí Taoiseach nua.
Sealbhóir | Leo Varadkar ó 27 Meitheamh 2020 | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cónaithe | Baile Átha Cliath | ||||
Ceaptha ag | Uachtarán na hÉireann | ||||
Dlínse | Éire | ||||
Stáit | Éire | ||||
Sainordú | 5 bliain | ||||
Cruthú | 29 Nollaig 1937 |
Téarma
cuir in eagarTá bunús an nóis le fáil i seanchóras na nGael. Bhíodh Tánaiste ainmnithe ag Taoisigh chun a n-áit a ghlacadh dá marófaí iad nó dá dtarlódh rud ar bith a chuirfeadh cosc orthu a ndualgais a chomhlíonadh. Sa dóigh sin bhíothas ag súil nach mbeadh achrann nuair a bheadh comharba le piocadh. D'imigh an focal isteach sa Bhéarla sna 1530dí mar tanist a raibh an chiall "comharba tofa Taoisigh Ghaelaigh" leis. An chiall liteartha a bhí leis roimhe seo ná "comhthreomhar, sa dara háit", ón tSeanGhaeilge tanaise "comharba roghnaithe". "An té a bhfuiltear ag feitheamh leis' is bunchiall don fhocal ó tani-hessio na Ceiltise.
Stair
cuir in eagarCruthaíodh an oifig seo i 1937, in áit oifig an Leas-Uachtarán na hArd-Chomhairle a bhí ann i ré an Saorstát. Bunaíodh an oifig mar pháirt den bhunreacht nua Bunreacht na hÉireann. Ba é Seán T. Ó Ceallaigh, ó Fhianna Fáil, an chéad Tánaiste ar 29 Nollaig, 1937. Sa lá atá inniu ann, is coitianta go bhfaigheann ceannaire an dara páirtí is mó sa comhrialtas an post tábhachtach seo.
Liosta Tánaistí
cuir in eagarBhí trí théarma san oifig ag Seán F. Lemass (Fianna Fáil) agus Risteard Mac An Earraigh (Lucht Oibre). Bhí dhá théarma ag Liam Ó Neachtain (Lucht Oibre), agus téarma amháin ag na daoine eile.
Uimh | An Tánaiste | As | Go dtí | Páirtí |
---|---|---|---|---|
1 | Seán T. Ó Ceallaigh | 29 Nollaig, 1937 | 14 Meitheamh, 1945 | Fianna Fáil |
2 | Seán F. Lemass | 14 Meitheamh, 1945 | 18 Feabhra, 1948 | Fianna Fáil |
3 | Liam Ó Neachtain | 18 Feabhra, 1948 | 13 Meitheamh, 1951 | Lucht Oibre |
(2) | Seán F. Lemass | 13 Meitheamh, 1951 | 2 Meitheamh, 1954 | Fianna Fáil |
(3) | Liam Ó Neachtain | 2 Meitheamh, 1954 | 20 Márta, 1957 | Lucht Oibre |
(2) | Seán F. Lemass | 20 Márta, 1957 | 23 Meitheamh, 1959 | Fianna Fáil |
4 | Seán Mac an tSaoi | 23 Meitheamh, 1959 | 21 Aibreán, 1965 | Fianna Fáil |
5 | Proinsias Mac Aodhagáin | 21 Aibreán, 1965 | 2 Iúil, 1969 | Fianna Fáil |
6 | Erskine Childers | 2 Iúil, 1969 | 14 Márta, 1973 | Fianna Fáil |
7 | Breandán Mac Fheorais | 14 Márta, 1973 | 5 Iúil, 1977 | Lucht Oibre |
8 | Seoirse Ó Colla | 5 Iúil, 1977 | 30 Meitheamh, 1981 | Fianna Fáil |
9 | Micheál Ó Laoire | 30 Meitheamh, 1981 | 9 Márta, 1982 | Lucht Oibre |
10 | Réamann Mac Searraigh | 9 Márta, 1982 | 14 Nollaig, 1982 | Fianna Fáil |
11 | Risteard Mac An Earraigh | 14 Nollaig, 1982 | 20 Eanáir, 1987 | Lucht Oibre |
12 | Peadar de Barra | 20 Eanáir, 1987 | 10 Márta, 1987 | Fine Gael |
13 | Brian Ó Luineacháin | 10 Márta, 1987 | 31 Deireadh Fómhair, 1990 | Fianna Fáil |
14 | Seán P. Mac Uilliam | 13 Samhain, 1990 | 12 Eanáir, 1993 | Fianna Fáil |
(11) | Risteard Mac An Earraigh | 12 Eanáir, 1993 | 17 Samhain, 1994 | Lucht Oibre |
15 | Parthalán Ó hEachthairn | 19 Samhain, 1994 | 15 Nollaig, 1994 | Fianna Fáil |
(11) | Risteard Mac An Earraigh | 15 Nollaig, 1994 | 26 Meitheamh, 1997 | Lucht Oibre |
16 | Máire Ní Áirne | 26 Meitheamh, 1997 | 13 Meán Fómhair, 2006 | An Páirtí Daonlathach |
17 | Mícheál Mac Dubhghaill | 13 Meán Fómhair, 2006 | 14 Meitheamh, 2007 | An Páirtí Daonlathach |
18 | Brian Ó Comhain | 14 Meitheamh, 2007 | 7 Bealtaine, 2008 | Fianna Fáil |
19 | Máire Ní Chochláinn | 7 Bealtaine, 2008 | 9 Márta, 2011 | Fianna Fáil |
20 | Éamon Mac Giollamóir | 9 Márta, 2011 | 4 Iúil, 2014 | Lucht Oibre |
21 | Joan Burton | 4 Iúil, 2014 | 6 Meitheamh, 2016 | Lucht Oibre |
22 | Frances Fitzgerald | 6 Meitheamh, 2016 | 28 Samhain, 2017 | Fine Gael |
23 | Síomón Ó Cómhanaigh | 30 Samhain, 2017 | 27 Neitheamh, 2020 | Fine Gael |
24 | Leo Varadkar | 27 Meitheamh, 2020 | anois | Fine Gael |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |