Anann
Crann ilbhliantúil síorghlas, dúchasach do Mheiriceá Theas is ea an t-anann. Na duilleoga docht stuach claíomhchruthach spíonach liathghlas. Na bláthanna tríphiotalach gorm i mbláthra dlúth, cosúil le cón is spuaic dhuilleach ag a bharr. Torthaí aonaracha ag comhtháthú le chéile ina dtoradh bog buí ilchodach suas le 30 cm ar fhad. Barr tábhachtach i gcuid mhaith tíortha trópaiceacha. I measc na gcineálacha a shaothraítear, tá foirmeacha gan síolta is foirmeacha ornáideacha ildaite. Bíonn súlach na dtorthaí lán de vitimíní A is B.[1]
Ananas comosus | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | pineapple (en) , piña (en) agus pineapple juice (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Poales |
Fine | Bromeliaceae |
Géineas | Ananas |
Speiceas | Ananas comosus Merr., 1917 |
Ainmníocht | |
Basainm | Bromelia comosa |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Anann". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 38.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |