Arsainíd ghailliam
(Athsheolta ó Arsanaíd ghailliam)
GaAs, ábhar leathsheoltóra a úsáidtear i dtrasraitheoirí, cealla gréine is léasair leathsheoltóra (ach nach n-úsáidtear in aon chor chomh minic le sileacan chuige seo). Cosúil le sileacan, agus déantar í a dhópáil chun a sheoltacht leictreach a mhodhnú mar is gá. Gluaiseann leictreoin i bhfad níos tapa ann ná i sileacan, agus is cinnte go mbainfear feidhm i bhfad níos mó aisti as seo amach. Buntáiste eile ag GaAs thar Si is ea go dtraiseolann sé solas, rud a bheidh an-tábhachtach sna slisní ina mbeidh fótóin mar iompróirí sonraí in ionad leictreon.[1][2]
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 143.847 Da |
Ról | carcainigin |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | GaAs |
SMILES canónta | Model 2D [Ga]#[As] |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Pointe leáite | 1,240 °C |
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Arsanaíd ghailliam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 49.
- ↑ ““arsainíd ghailliam” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-09-16.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |