Osclóidh seo an príomhroghchlár
Charles Ulm, 1928

Eitleoir ceannródaíoch a rugadh i Melbourne na hAstráile ab ea Charles Thomas Philippe Ulm (18 Deireadh Fómhair 18983 Nollaig 1934). Le Charles Kingford Smith (18791935), rinne sé aistir thaiscéalaíocha eitleoireachta i 1927–1931. D'iompair sé an chéad aerphost idir an Astráil, an Nua-Shéalainn is an Nua-Ghuine i 1934. An bhliain chéanna agus é ag taiscéaladh eitiltí rialta aerphoist trasna an Aigéin Chiúin le beirt chompánach in eitleán innill chúplaigh, cailleadh é gar do Haváí.