Cill fhótaileictreach
Feiste atá íogair do sholas agus a fhreagraíonn don radaíocht le hiarmhairt leictreach. Ainm eile uirthi is ea fótaichill. De ghnáth bíonn sí bunaithe ar leathsheoltóir (sileacan nó gearmáiniam, mionathraithe le breiseáin chuí). Fuasclaíonn an radaíocht leictreoin nasctha, agus is féidir go n-athróidh sé sin seoltacht na cille (cill fhótaisheoltach), go dtáirgfear fórsa leictreaghluaisneach (cill fhótavoltach) nó go dtarlóidh iarmhairt eile. Úsáidtear fótaichealla i solasmhéadair sa ghrianghrafadóireacht, braiteoirí solais (in aláram buirgléara, mar shampla), agus soláthar cumhachta i spásárthaigh is eile.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cill fhótaileictreach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 134.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |