Líológ
speiceas plandaí
(Athsheolta ó Craobh liathchorcra)
Tom nó crann beag duillsilteach, dúchasach do na Balcáin is ea an líológ (Syringa vulgaris).[1] Tugtar an chraobh liathchorcra air freisin.[2] Fásann sí 3-7 m ar airde, cruinneachánach, agus cuireann meatháin amach go fras. Na duilleoga idir ubhchruthach is croíchruthach i bpéirí urchomhaireacha. Na bláthanna i mbláthraí dlútha cónacha, feadánach le 4 mhaothán leata, liathchorcra nó bán, cumhra. Saothraítear go forleathan mar mhaisiúchán é.[3]
Syringa vulgaris | |
---|---|
Planda | |
Cineál an toraidh | capsúl |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 61919333 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Lamiales |
Fine | Oleaceae |
Treibh | Oleeae |
Géineas | Syringa |
Speiceas | Syringa vulgaris L., 1753 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Syringa vulgaris” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
- ↑ Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): lilac” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2023-05-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Craobh liathchorcra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 178.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |