Albert Einstein
Fisiceoir teoiriciúil ab ea Albert Einstein (14 Márta 1879 - 18 Aibreán 1955). Áirítear ar an eolaí is tábhachtaí san 20ú céad é.
Saothar
cuir in eagarD'oibrigh Einstein amach teoiric na coibhneasachta agus bhí lámh aige i bhforbairt na meicnice candamaí, na meicnice staitistiúla agus na cosmeolaíochta freisin.
Bronnadh Duais Nobel na Fisice air sa bhliain 1921 mar gheall ar an míniú a thug sé ar an iarmhairt fhótaileictreach agus ar a raibh déanta aige leis an bhfisic theoiriciúil a fhorbairt go ginearálta.
Saol
cuir in eagarRugadh Einstein in Ulm i réigiún Württemberg sa Ghearmáin sa bhliain 1879. B'iad a thuismitheoirí Hermann Einstein, innealtóir agus díoltóir leapacha, agus Pauline Hermann (dioltóir leapacha) agus Pauline Koch. Giúdaigh a bhí iontu, ach mar sin féin, chuir siad an buachaill i mbunscoil Chaitliceach.
Nuair a shealbhaigh na Naitsithe an chumhacht sa Ghearmáin, b'éigean d'Einstein an tír sin a thréigean. Ar turas sna Stáit Aontaithe, i mí Feabhra 1933, shocraigh Albert Einstein fanacht ansin in áit filleadh go dtí an Ghearmáin. Ach d'fhill sé go Eoraip aon uair amháin eile, ag teacht chuig Antwerp ar 28 Márta 1933.
Tháinig Einstein go dtí Nua Eabhrac ar bord an SS Westernland ar 17 Deireadh Fómhair 1933 agus shocraigh sé síos i Princeton, NJ.[1]
Fuair sé bás ar 18 Aibreán 1955, in aois 76 dó. Dhiúltaigh sé dul faoi scian ag an am.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ http://dipc.ehu.es/.+"ALBERT EINSTEIN (1879 – 1955)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-10-17. Dáta rochtana: 2022.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |