Eodacsas as Cniodas
Réalteolaí is matamaiticeoir Gréagach ab ea Eodacsas as Cniodas (c 408-c 355 RC). Áireamh fhad na bliana grianda leagtha air. Chuir sé leis an ngeoiméadracht Eoiclídeach freisin. Mac léinn de chuid Phlatón a bhí ann. Tá a chuid saothar ar fad caillte anois, cé go bhfuil míreanna de caomhnaithe i ngluais Hipparcos ar dán de chuid Aratos faoin réalteolaíocht.[1] Is féidir go bhfuil príomhshaothar de chuid Theodóisios Bhitinia, Sféiric, bunaithe ar shaothar a scríobh Eodacsas.
Ainm sa teanga dhúchais | (grc) Εὔδοξος ὁ Κνίδιος |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | c. 408 "RCh" Knidos (an tSean-Ghréig) |
Bás | c. 355 "RCh" 52/53 bliana d'aois Knidos (an tSean-Ghréig) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Matamaitic agus réalteolaíocht |
Gairm | matamaiticeoir, fealsamh, scríbhneoir, tíreolaí |
Tréimhse ama | An Ré Heilléanaíoch |
Mac/iníon léinn de chuid | Archytas, Philistion Locri agus Platón |
Mac/iníon léinn | Menaechmus, Deinostratos, Chrysippus Cnidos agus Callippus |
Teangacha | An tSean-Ghréigis |
Saol
cuir in eagarIs é "onórtha" nó "a bhfuil dea-ainm air" an chiall atá lena ainm (Sean-Ghréigis: εὔδοξος, as eu "dea-" agus doxa "tuairim, creideamh, cáil"). Tá sé inchurtha leis an ainm úd sa Laidin Benedictus.
Bhaineadh athair Eodocsas, Aeschines as Cniodas, taitneamh as a bheith ag breathnú ar na réaltaí san oíche. Agus é ina ógfhear, thug Eodocsas aghaidh ar Taranto, san Iodáil chun staidéar a dhéanamh faoi Archytas agus d'fhoghlaim sé an mhatamaitic uaidh. Thug sé cuairt ar an tSicil freisin, mar a ndearna sé staidéar ar an leigheas faoi Philistion.
Thart ar 387 RC, in aois a 23 bliana, thaistil sé leis an lia Theomedon, a cheap roinnt daoine a bheith ina leannán aige dar le Diogenes Laërtius,[2] go dtí an Aithin chun staidéar a dhéanamh le lucht leanúna Socraitéas. Sa deireadh d'fhreastail sé ar léachtaí Phlatón agus fealsaimh eile ar feadh roinnt míonna. Tar éis tamaill, áfach d'éirigh idir Eodocsas agus Theomedon. D'fhág sin Eodocsas ar an mblár folamh.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Lasserre, François (1966) Die Fragmente des Eudoxos von Knidos (de Gruyter: Berlin)
- ↑ Diogenes Laertius; VIII.87
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eodacsas as Cniodas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 247.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |