Feabhrán
Planda rúpach débhliantúil a fhásann 3 m ar airde is ea an feabhrán[1] nó odhrán. Tá sé dúchasach do na réigiúin mheasartha ó thuaidh. Bíonn na duilleoga suas le 30 cm ar fhad, roinnte i dteascáin ubhchruthacha nó lansa-chruthacha, go minic liopach nó fiaclach. Na bláthanna bán nó scoth-bhándearg in umbail 5-15 cm ar leithead. An toradh leata leathaneiteach. Gaolmhar leis an bhfeabhrán capaill atá níos mó ná é, ag fás suas le 5 m ar airde. Sa chás seo, bíonn spotaí dearga ar na gais, agus na humbail suas le 50 cm ar leithead. Dúchasach d'iardheisceart na hÁise. Fástar mar mhaisiúchán é uaireanta, ach is féidir go gcuirfidh sé tús le greannú pianmhar craicinn má dhéantar tadhall leis i solas geal gréine.[2]
Heracleum sphondylium | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Apiales |
Fine | Apiaceae |
Géineas | Heracleum |
Speiceas | Heracleum sphondylium L., 1753 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Heracleum sphondylium” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Feabhrán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 256.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |