Fiodh Ard, Loch Garman
Fiodh Ard (Béarla: Fethard) nó Fiodh Ard ar Fharraige an t-ainm atá ar an mbaile seo. An bhrí atá ag an ainm ná ‘Coillte Ard’.
Fiodh Ard, Loch Garman | ||||
---|---|---|---|---|
Fiodh Ard (ga) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Contae in Éirinn | Contae Loch Garman | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 15 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 131843 |
- Don bhaile Fiodh Ard i gContae Thiobraid Árann, féach Fiodh Ard
Baile beag í atá in iardheisceart Chontae Loch Garman in Éirinn. Tá sí suite ar an mbóthar réigiúnach R734 ar an taobh thoir de leithinis Rinn Duáin idir Cuan Phort Láirge agus Cuan Bhanú.
De réir daonáireamh 2016[1], tá níos mó ná 311 duine ina gcónaí i bhFiodh Ard. Tá Fiodh Ard suite i dtoghcheantar Fiodh Ard i ndáilcheantar Contae Loch Garman.
Tugtar trácht ar Pharóiste Baile an Theampall i bhFiodh Ard sa deoise Rómhánach-Chaitliceach Deoise Fhearna.
Na tionscail is mó a bhfuil tóir orthu i bhFiodh Ard ná na tionscail iascaireachta agus tionscail turasóireachta.
Stair
cuir in eagarÁit le cuid mhaith tábhachta ab ea Fiodh Ard go háirithe san am atá caite. Úsáideadh mar ionad tuirlingthe na Normannach í i bhfad siar, i rith Ionradh na Normannaigh in Éirinn sa dara haois déag. Is féidir na hiarmhairtí créthógála agus na daingnithe[2] ó Ré na Normannach a fheiceáil fós, sa lá atá inniu ann, ag Bá Dhún Dónaill, Deisceart Cheann Inn Ard.
Arís, sa dara haois déag, tógadh caisleán ón ridire Normannach, Raymond le Gros. Tháinig an tEaspaig Fearna in oidhreacht air idir sin agus tráthas. Úsáideadh an caisleán mar easpagóideach, áit chónaithe do na hEaspaig. Tá fíorbheagán fianaise nó fiú taispeántas ann den chaisleán sa lá atá inniu ann.
Bronnadh cairt ar Fhiodh Ard ó Shéamus I, an rí Sasanach a bhí ann ag an am. Rinneadh Buirg Chathrach as Fiodh Ard agus seoladh beirt ballra Fiodh Ard chuig Pharlaimint na hÉireann sular díscaoileadh í sa bhliain 1800.
Sa bhliain 1798, tógadh cuan ar shuíomh tuirlingthe trúpaí na Fraince le linn Réabhlóid na Fraince.
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: stop mé ag an bpointe seo
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Caisleán Fiodh Ard
cuir in eagar
Caisleán den chúigiú haois déag a raibh tógtha ar iarsmaí de shuíomh a bhí ann fadó.[3]
Tar éis teacht na hAngla-Normannaigh in Éirinn sa bhliain 1109, bronnadh an ceantar ar a bhfuil Fiodh Ard suite anois do ridire darb ainm Harvey de Montmorency. Thíolac sé an caisleán go Teampall Chríost, Canterbury, Sasana sa bhliain 1200 A.D.. D'órdaigh Canterbury go dtógtaí caisleán i bhFiodh Ard.[4] Caisleán Fiodh Ard atá againn inniu. Is féidir leat imeacht chun í a fheiscint saor in aisce.
Ainm an Bhaile
cuir in eagarFiodh Ard a ghlaotaí ar Fhiodh Ard ar fharraige ar dtús, ach tháinig athrú leis an gcéad leagan de dheasca bádh ar fharraige nuair a iompaigh béal faoin mbád tarrthála ‘Helen Blake’, sa bhliain 1914. Bhí sí ag tabhairt faoi mhisean slándáil chuig an scúnar Mheicsiceach a bhí timpeall ar Oileán na gCaorach. Bádh naonúr de mhuintir na criú báid tarrthála agus mhair cúigear dóibh[5]
Bhí flosc comhbhrón don bhaile. Tháinig airgead isteach ó gach cearn den domhan. Áfach, chuaigh chuid mhór den airgead go bhFiodh Ard i gContae Tiobraid Árann toisc an chosúlacht idir na hainmneacha atá acu. Dá bhri sin, athraíodh ainm an bhaile Fiodh Ard go Fiodh Ard ar Fharraige le idirdhealú a dhéanamh orthu.
Baghchat Fiodh Ard[6]
cuir in eagarPríomh Airteagal anseo[1]
I mí na Bealtaine 1957, rinne muintir Rómhánach-Chaitliceacha Fiodh Ard baghcat ar na gnólachtaí áitiúla a bhain le Phrotastúnaigh de chuid an bhaile.
Tharla an baghcat mar fhreagra ar ghníomhaíocht bean Phrotastúnach ‘Sheila Cloney’. D’fhág sí a fear céile Caitliceach agus thóg sí a pháistí léi. Thóg sí na páistí léi mar bhí scanradh uirthi roimh an ard seans go gcuirfear brú ar na bpáistí freastal ar an Scoil Caitliceach áitiúil mar go nórdaigh an tEaspaig Caitliceach áitiúil orthu freastal ar an scoil.
Tugadh aird mhór agus aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an mbaghcat sula gcuireadh i gcrích é. Rinne an teaghlach mórtachas le chéile arís le deireadh thiar agus cuireadh na hiníon faoi scoláireacht sa bhaile.[7][8]
Scannán
cuir in eagarTáirgeadh scannán bunaithe ar an Teaghlach Chluanaigh sa bhliain 1999. D’ainmníodh an scannán 'A Love Divided'. Tá príomhpháirt ag ‘Orla Brady’ inti, ar a bhfuil sí ag aisteoireacht mar ‘Sheila Cloney’.[9]
Tháinig mór chonspóid as an scannán le líomhnachas de hábhair a chuireadh i gcéill agus mífháisnéis stairiúla.[8] [10][11] Ní raibh an pobal sásta leis na heasnaimh fíricí tábhachtacha maidir leis an gcás féin.[12][13] Bhí súile na himscrúdaitheoirí iriseoire dírithe ar dhuine de na scríbhneoirí scannanaíochta. Cumannach ‘Gerry Gregg’, iarr bhall ‘Páirtí an Lucht Oibre (Éire)' a bhí cúisithe as freasaitheacht i dtreo an Eaglais Chaitliceach agus i dtreo Poblachtais Éireannach.
Turasóireacht
cuir in eagarFiodh Ard is ea an baile phríomhúil is gaire den Leithinis Rinn Duáin. Ionad turasóireachta í ar a bhfuil an-tóír agus aitheantas aici do Theach Solais Rinn Duáin agus do Loftus Hall.[14]
Teach Solais Rinn Duáin
cuir in eagarTeach Solais Rinn Duáin is ea an teach solais is sine atá fós ag obair sa domhan. Tá sí ag seasamh le 846 bliana.
Tugtar turas treoraithe den teach solais go mbliantúil ar phraghas €6 do dhuine fásta. Tá caife, siopa bronntanas agus tasipeántas muirí ag bun an teach solais.
Loftus Hall
cuir in eagar
Teach mór tuaithe ab ea Loftus Hall a raibh tógtha ar shuíomh Halla Réamainn. Deirtear gur teach siúil í agus go mbíonn taibhsí ann go minic. Bhí sé faoi úinéireacht phríóbháideach ag Michael Devereux ach anois tá sé faoi úinéireacht ag na Quigleys.
Osclaítear na doirse go mbliantúil do turais imscrúdú paranormálta faoi stiúir foireann saineolaithe. Tosnaítear ag a 8:30 i.n. go 2:30 r.n. do dhaoine atá ocht mbliana déag d'aois nó níos sine ar phraghas €66 an duine.
Díoltar tae agus caife idir gach sos.[15]
Iascaireacht
cuir in eagarD'iascaireacht grinnill[2] thar ghainimh i mBá Fiodh Ard, gabhtar Leitheanna, Leathóg bhallach, Leathóg Bhreac agus Doingean Mara.
Ó am go chéile, sa taoide oíche[3], gabhtar Ga agus Fíogach ach bheadh an deis is fearr iad a ghabháil leis an úsáid Portán, Corr Ghainimh nó Ronnach mar bhaoiteáil.
Bíonn go leor Milléad ag lántaoide ag Cuan Fiodh Ard i míonna an tSamhraidh.[16]
Cúrsaí Spóirt
cuir in eagarCumann Lúthchleas Gael, Fiodh Ard, Naomh Dhíomóg[4] is ea an t-ainm atá ag CLG Fiodh Ard. Bunaíodh í sa bhliain 1889. Club Sinsireach ab ea iad le foireann Iománaíocht, Camógaíocht agus Peil Ghaelach.[5]
Sa bhliain 2017, tháinig an fhoireann Iománaíocht gairid le Ceannais na hÉireann a bhuachaint tar éis Brother Pearses, Londúin a bhuachaint sa chluiche ceathrú ceannais agus Sylane, Contae na Gaillimhe a bhuachaint sa chluiche leathcheannais. Imríodh an Cluiche Cheannais i bPáirc an Chrócaigh i mí Feabhra 2018 ach bhuaigh Aird Mhór, Contae Phóírt Láirge iad san am breise.[17]
Iompar poiblí
cuir in eagarSoláthraíonn Bus Éireann Fiodh Ard le dhá bhus:
- Bealach 370[18]’ a fhorálann seirbhís comaitéara chuig Contae Phort Láirge tríd Bhealach Ros Mhic Thriúin ag bordáil ag 07:15 ó Dé Luain go Dé Sathairn agus filleadh iniatach sa tráthnóna agus;
- Bealach 373[19]’ a fhorálann seirbhís conascach comaitéara chuig nó go Contae Loch Garman tríd Droichead Eoin [6] don Mháirt amháin.
Soláthraíonn Iarnróíd Éireann Fiodh Ard le traein ó Phóirt Láirge go mBaile Átha Cliath ag bórdáil ag a 6 a chloig sa mhaidin.
Féach Freisin
cuir in eagar- Liosta dos na stáisúin INRBT (nstitiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála)[7]
- Liosta dos na mbailte agus sráidbhailte in Éirinn[8]
- Mervyn A Ellison[9]
- Wexford (Dáil constituency)[10]
- Raymond FitzGerald[11]
- Norman invasion of Ireland[12]
- Bishop of Ferns[13]
- Alexander Devereux[14]
- Church of Ireland[15]
- Fethard-on-Sea boycott[16]
- Orla Brady[17]
- Hook Lighthouse[18]
- Hook Head[19]
- Loftus Hall[20]
- Fethard St Mogues GAA Club[21]
- All-Ireland Senior Hurling Championship[22]
- All-Ireland Senior Football Championship[23]
- London Senior Hurling Championship[24]
Foinsí
cuir in eagar- Cassells Gazetteer of Great Britain and Ireland Vol I/II A–C (sic)
- McNeill, T. (1997). Castles in Ireland. London: Routledge. 1st eiditon, London, p280
- Harris E. (2015) Beginning to Talk to ‘Billy’: Revising Southern Stereotypes of Unionism. In: Burgess T.P., Mulvenna G. (eds) The Contested Identities of Ulster Protestants. Palgrave Macmillan, London
- Gaul, L. (2011). Songs, Ships and High Seas. The Past: The Organ of the Uí Cinsealaigh Historical Society, (31), 95-102. Retrieved from http://www.jstor.org/stable/26221107
- Robinson, J. (2005). Charles Frizell (1738-1812): A Surveyor in Co. Kildare. Dublin Historical Record, 58(1), 2-11. Retrieved from http://www.jstor.org/stable/30101532
- Elizabeth Anne Shotton, (2018) "Living in the clouds: conceptual reconstructions of harbour structures", Journal of Cultural Heritage Management and Sustainable Development, Vol. 8Issue: 4, pp.405-419, https://doi.org/10.1108/JCHMSD-08-2017-0052
- Corish, P. (1970). The Diocese of Ferns and the Penal Days. The Past: The Organ of the Uí Cinsealaigh Historical Society, (8), 5-17. Retrieved from http://www.jstor.org/stable/25519876
- Census.cso.ie. (2018). [online] Available at: http://census.cso.ie/sapmap2016/Results.aspx?Geog_Type=ST2016&Geog_Code=BAFAF9B6-74CD-4DA6-BD58-EC9591EFBCDC [Accessed 6 Dec. 2018].
- Colfer, B. (2004). The Hook Peninsula. Cork, Ireland: Cork University Press.
- TripAdvisor. (2018). Fethard Castle (Fethard On Sea, Ireland): Top Tips Before You Go (with Photos) UPDATED December 2018 - TripAdvisor. [online] Available at: https://www.tripadvisor.ie/Attraction_Review-g642172-d1765512-Reviews-Fethard_Castle-Fethard_On_Sea_County_Wexford.html [Accessed 6 Dec. 2018].
- Southeastireland.com. (2018). Fethard On Sea Wexford, Things to do in Fethard On Sea, Attractions in Fethard On Sea, where to stay and places to visit. [online] Available at: https://www.southeastireland.com/pfethardonsea-wexford-ireland.html [Accessed 6 Dec. 2018].
- Southeastireland.com. (2018). Fethard On Sea Wexford, Things to do in Fethard On Sea, Attractions in Fethard On Sea, where to stay and places to visit. [online] Available at: https://www.southeastireland.com/pfethardonsea-wexford-ireland.html [Accessed 6 Dec. 2018].
- Fishinginireland.info. (2018). Fishing in Ireland. An angler's guide to the best fishing in Ireland.. [online] Available at: http://www.fishinginireland.info/sea/south/bannow.htm [Accessed 6 Dec. 2018].
- Foster, R. (2001). The Oxford history of Ireland. Oxford: Oxford University Press.
- McNeill, T. (1997). Castles in Ireland. 1st ed. London, p.280.
- Mcneill, T. (2000). Castles In Ireland. Hoboken: Taylor & Francis.
- O'Connor, C. (2008). Mixed marriage, ‘a grave injury to our church’: An account of the 1957 Fethard-on-Sea Boycott. The History of the Family, 13(4), pp.395-401.
- O'Keeffe, T. (1999). Townscape as text: the topography of social interaction in Fethard, county Tipperary, AD 1300-1700. Irish Geography, 32(1), pp.9-25.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Príomh Oifig Staidrimh (4/12/18). "Daonaireamh Fiodh ard, ón bPríomh Oifig Staidrimh, 2016". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-02-16. Dáta rochtana: 2016.
- ↑ "Iarmhairtí Créthógála agus Daingnithe ós na Normannaigh" . doi: .
- ↑ "Caisleán Fiodh Ard". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ TripAdvisor (5/12/18). "Eolas faoi Chaisleán Fiodh Ard". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ Ireland Calling (2016). "Scéal tubaiste bád tarrthálla Fiodh ard".
- ↑ “Fiodh Ard/Fethard | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "National Archives Press Clippings" (4/12/18).
- ↑ 8.0 8.1 "LOVE CONQUERS ALL; But for decades a village paid the price of | Sunday Mirror Newspaper | Find Articles at BNET". web.archive.org (2011-03-02). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-03-02. Dáta rochtana: 2018-12-04T18:30:12Z.
- ↑ Alan Moloney (9/1/16). "Achoimre ar 'A Love Divided' 1999". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-28. Dáta rochtana: 28/9/07.
- ↑ "Obituary: Sean Cloney | Independent, The (London) | Find Articles at BNET.com". web.archive.org (2008-03-08). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-03-08. Dáta rochtana: 2018-12-04T18:31:28Z.
- ↑ "Women in 20th-Century Ireland" (4/12/18). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-03-02. Dáta rochtana: 1922–1966.
- ↑ "The Mayo News". www.mayonews.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-19. Dáta rochtana: 2018-12-04T18:35:43Z.
- ↑ "Religion: Fethardism" (en-US). Time (1957-08-19). Dáta rochtana: 2018-12-04T18:36:08Z.
- ↑ SouthEastIreland (5/12/18). "Turasóíreacht sa Thoir Theas". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ Loftus Hall (5/12/18). "Eolas faoi Loftus Hall". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-06-09. Dáta rochtana: 2018.
- ↑ Fishing in Ireland (5/12/18). "Eolas faoin iascaireacht i bFiodh Ard". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ Wexford GAA (5/12/18). "St Mogue’s Fethard Top Oil Intermediate A Champions". Dáta rochtana: 2017.
- ↑ Bus Éireann (4/12/18). "Bus Éireann, Amchláir bealach 370". Dáta rochtana: 4/12/18.
- ↑ Bus Éireann (4/12/18). "Bus Éireann, Amchláir bealach 373". Dáta rochtana: 4/12/18.[nasc briste go buan]