Frank Macfarlane Burnet
imdhíoneolaí is víreolaí Astrálach
Imdhíoneolaí is víreolaí a rugadh i dTraralgon na hAstráile ab ea Frank Macfarlane Burnet (3 Meán Fómhair 1899 –31 Lúnasa 1985). Ina chuid taighde ar an bhfreagairt imdhíonach, thairg sé cealla bána fola ar leith a d'iompair na hantasubstaintí go dtí ionad na hantaigine chomh tapa sin. Ba chruthú ar an meicníocht seo obair Peter Medawar, agus roinn an bheirt acu Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1960 as an obair seo.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Frank Macfarlane Burnet". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 100.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |