Fritz Zwicky
réalteolaí Eilvéiseach
a rugadh i Varna na Bulgáire do thuismitheoirí Eilvéiseacha ab ea Fritz Zwicky (14 Feabhra 1898 – 8 Feabhra 1974). Rinne sé taighde fairsing ar réaltraí agus ábhar idir-réaltach. D'fhoilsigh sé an chatalóg chaighdeánach ar na dlúthréaltraí. Réamhinis sé i 1934 go raibh neodrónréaltaí is dúphoill ann. Ag an California Institute of Technology a rinne sé a chuid taighde. Fuair sé bás in Pasadena, California sa bhliain 1974.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 14 Feabhra 1898 Varna, An Bhulgáir |
Bás | 8 Feabhra 1974 75 bliana d'aois Pasadena, California |
Áit adhlactha | Mollis, Friedhof Glarus 47° 02′ 22″ N, 9° 03′ 51″ E / 47.039388°N,9.064287°E |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Aindiachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | ETH Zürich (1916–1922) |
Comhairleoir dochtúireachta | Peter Debye agus Paul Scherrer |
Áit chónaithe | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Réaltfhisic |
Gairm | réalteolaí, múinteoir ollscoile, fisiceoir, réaltfhisiceoir |
Fostóir | Institiúid Teicneolaíochta California (1927–1968) |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne |
|
Gradam a fuarthas | |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fritz Zwicky". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 711.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |