George Gabriel Stokes
fisiceoir is matamaiticeoir Éireannach
Fisiceoir is matamaiticeoir a saolaíodh sa Scrín, Contae Shligigh, ab ea George Gabriel Stokes (13 Lúnasa 1819- 1 Feabhra 1903). Ollamh in Ollscoil Cambridge. Rinne sé saothar suntasach sna aeridinimic is hidridinimic. Chuir sé dlí Stokes ar aghaidh, chabhraigh le cothromóid Navier-Stokes a dhíorthú, agus thug mínithe ar shlaodacht, frithchuimilt, fuaim, sruth uisce in abhainn, frithchuimilt cnis i longa, teoiric thonnach an tsolais, fluaraiseacht (aistriú Stokes), frithchaitheamh is athraonadh, agus d'fheabhsaigh an speictreascóp. Ina uachtarán ar an gCumann Ríoga ar feadh 31 bliain, fathach san eolaíocht.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "George Gabriel Stokes". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 628.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |