Baictéareolaí Meiriceánach, eolaí ar thífeas, ab ea Hans Zinsser (17 Samhain 18784 Meán Fómhair 1940). Údar Rats, Lice and History (Francaigh, Míolta is an Stair, 1935) agus téacsleabhair mhíochaine eile. Údar bisiúil a bhí ann: scríobh sé 200 leabhar agus alt faoin leigheas.

Infotaula de personaHans Zinsser

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith17 Samhain 1878
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Meán Fómhair 1940
61 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Leoicéime)
Áit adhlacthaSleepy Hollow Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColumbia University Vagelos College of Physicians and Surgeons (en) Aistrigh
Dwight School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheStáit Aontaithe Mheiriceá
Gníomhaíocht
Réimse oibreTíofas, baictéareolaíocht agus eipidéimeolaíocht
Gairmlia mileata, eipidéimeolaí, lia galar aicídeach, baictéareolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Harvard
Ollscoil Stanford Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaRebecca Lancefield, Tang Fei-fan agus William Hammon
Teaghlach
PáisteHans H. Zinsser Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Rugadh Hans Zinsser i gCathair Nua-Eabhrac do bheirt imirceach ón nGearmáin. Bhain sé céim B.S. ó Ollscoil Columbia sa bhliain 1899 agus M.D. agus dochtúireacht le míochaine ó Columbia sa bhliain 1903. Chaith sé an chuid ba mhó dá shaol oibre ag Ollscoil Stanford agus ansin ag an scoil leighis ag Ollscoil Harvard. Le linn an Chéad Chogadh Domhanda d'oibrigh sé san Eoraip ag tabhairt aire do shaighdiúirí gortaithe, ar aghaidh na bpiléar uaireanta. Bronnadh roinnt bonn air as sin. Fuair Zinsser bás de ghéarleoicéime i gCathair Nua-Eabhrac sa bhliain 1940. Tá sé curtha i Reilig Sleepy Hollow i Sleepy Hollow, Nua-Eabhrac.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Hans Zinsser". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 711.