James Van Allen
réaltfhisiceoir Meiriceánach (1914-2006)
(Athsheolta ó James Alfred Van Allen)
Fisiceoir is réalteolaí a saolaíodh i Mount Pleasant, Iowa ab ea James Alfred Van Allen (7 Meán Fómhair 1914 – 9 Lúnasa 2006). Pleanálaí tábhachtach do Bhliain Idirnáisiúnta na Geoifisice (1957–1958), agus d'eagraigh staidéar chuici sin ar shonraí ó shatailítí Explorer I is Pioneer III ar an maighnéadaisféar os cionn an atmaisféir. Fuair sé amach go raibh dhá chrios radaíochta i gceist, agus tugtar creasa Van Allen orthu anois. Ina phríomhthaighdeoir ar 23 taiscéalaí spáis ina dhiaidh sin.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "James Alfred Van Allen". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 695.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |