Girolamo Cardano
matamaiticeoir, lia, is ileolaí Iodálach
(Athsheolta ó Jerome Cardan)
Matamaiticeoir, lia is ileolaí cruthanta a rugadh i bPavia na hIodáile ab ea Girolamo nó Gerolamo Cardano (Jerome Cardan i mBéarla, Jérôme Cardan i bhFraincis, Hyeronimus Cardonus i Laidin; 24 Meán Fómhair 1501 – 21 Meán Fómhair 1576). D'fhoilsigh sé tráchtais údarásacha ar fhisic, matamaitic, réalteolaíocht, astralaíocht, reitric, an nádúr, ceol, míochaine, dialachtaic is stair. Bhí tionchar ag a shárshaothar Ars Magna (Ealaín den Scoth, 1545) ar fhorbairt an ailgéabair mar gur thug sé réitigh ailgéabracha ar chothromóidí ciúbacha is cuartacha den chéad uair riamh.[1]
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Jerome Cardan". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 117.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |