Córas teileachumarsáide is rianaithe de chuid NASA chun spásárthaigh idirphláinéadacha a stiúradh. Tá stáisiúin ag áiteanna atá scaipthe go maith thar dhromchla an Domhain (Goldstone California, Canberra na hAstráile, is Maidrid na Spáinne) chun gur féidir cumarsáid leanúnach a choinneáil le cuid ar bith den Ghrianchóras. I ngach stáisiún tá aeróg amháin 70 m ar trastomhas agus dhá aeróg 34 m ar trastomhas atá in ann teileachumarsáid chomhuaineach sa dá threo a dhéanamh le spásárthach chomh fada amach le fithis Neiptiúin.[1]

WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisLíonra spáis dhomhain

Cineál miseannetwork of spacecraft communication facilities (en) Aistrigh
Oibritheoir   Jet Propulsion Laboratory Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Líonra spáis dhomhain". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 412.