Planda is ea an mhúchóg[1], í bliantúil nó ilbhliantúil, seadánach, gan chlóraifill. Tá 200 speiceas di sa ghéineas Orobanche. Ní bhíonn feiceálach os cionn talún ach na spící tiubha bláthaithe. Na duilleoga laghdaithe ina lanna, na bláthanna déliopach i bhfaondathanna, donn den chuid is mó. Dúchasach do réigiúin theo mheasartha sa Seandomhan. Faigheann sí gach bia trí dhiúláin, ceangailte le fréamhacha an óstaigh. I measc na n-óstach bíonn eidhneán, giolcach sléibhe, nóiníní agus cuid mhaith eile. Mar sin féin, bíonn an chuid is mó de na múchóga sainiúil d'óstach amháin nó beagán óstach.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMúchóg
Orobanche Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcapsúl Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdLamiales
FineOrobanchaceae
GéineasOrobanche Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochOrobanche major Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Orobanche” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Múchóg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 471.