Oidhreacht Luimnigh Thar Lear

Is í Luimneach an ceathrú cathair is mó in Éirinn agus an tríú ceann is mó sa Phoblacht. I dteannta le gach áit eile sa tír, is mór é líon na ndaoine a d’fhág í i rith na h-aoise chun chur fúthu i dtíortha eile an domhain. Go minic, ní eisimirc toilteanach a bhí ann, go mór mór i ndiaidh ghorta nó chogaidh.

Cathain ar Imíodar cuir in eagar

Dealbh cuimhneacháin Pádraig Sáirséal i bPlás na hAirdeaglaise, Luimneach

I mbeagnach gach bliain ó dheireadh na 17ú aoise go dtí deireadh na 20ú aoise, d’fhág níos mó daoine an chathair ná mar a tháinig isteach. Ach bhí tréimhsí ar leith ann ina raibh an eisimirc thar an ngnáth.

  • I ndiaidh Léigear Luimnigh ón mbliain 1691 go tús na 18ú aoise. Ba as na sean-chlainne uaisle Caitliceacha (idir Gaelach agus Normannach) formhór na nGéanna Fiáine mar a ghlaodh orthu.
  • I lár na 18ú aoise, d’imigh an-chuid Protastúnaigh go Meiriceá, ina measc siúd baill na hEaglaise Módhaigh (Methodists) agus Cumann na gCairde (Quakers) ar thóir saoise creidimh san cóilíni nua.
  • I ndiaidh an Ghorta Mhóir ón mbliain 1845 agus tríd an agóid talún a lean é suas go dtí deireadh na 19ú aoise. Ba dhaoine gan talún nó gan seilbh a bhformhór.
  • I mblianta na 1950idí, go mór mór daoine neamh-scilte ná raibh in ann aon obair a fháil le linn an chúlú eacnamaíochta.
  • I mblianta na 1980idí. D’imigh daoine as gach aicme sóisialta le linn cúlú eacnamaíochta eile.

Cár Imíodar cuir in eagar

Chuaigh muintir Luimnigh go dtí na h-aiteanna céanna agus ar imigh eisimircí eile as Éirinn. Chuir na Géanna Fiáine fúthu san Fhrainc agus i dtíortha Caitliceacha Mór-Roinn na hEorpa ach, ó lár na 18ú aoise, ba iad Sasana, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, An Astráil agus An Nua-Shéalainn ceann scríbe formhór na ndeoraithe. I mblianta na 1980í d’imigh roinnt mhaith díobh ar thóir oibre sa Ghearmáin, san Fhrainc agus san Ísiltír.

I measc na dtíortha ina bhfuil pobail Éireannacha iontu ach fíorbheagán ó shíol Luimnigh tá Alba agus An Airgintín. Ar an taobh eile den scéal, tá líon na nÉireannach thar lear le sloinnte Luimníocha thar an ngnáth i gcathracha Mheán-Iarthar Mheiriceá ar nós Chicago, Omaha agus Denver agus i gcríocha tuaithe Victoria agus New South Wales na hAstráile. Ceaptar gur imigh muintir Luimnigh go dtí na háiteanna sin mar go raibh éileamh ar bhúistéirí iontu ag an am agus d’fhoghlaim an-chuid de na heisimircigh an ceard sin i monarchana bagúin na cathrach.

Oidhreacht na nDeoraithe cuir in eagar

Bhain na Géanna Fiáine an-chuid cáil amach mar saighdiúirí agus mar ceannairí míleata. Ina measch siúd a raibh baint díreach leis an gcathair bhí Pádraig Sáirséal (1660-1693), Peadar de Lása (1678-1751) agus Seoirse de Brún (1698-1792) agus ba as síol muintir Luimnigh iad ceannaire Arm na hOstaire Proinnsias de Lása (1725-1801) agus ceannaire na Fraince agus Uachtarán na Fraince ina dhiaidh an Marascal Pádraig Mac Mathúna (Patrice de Mac-Mahon as Fraincis) (1808-1893).

Cé gur oibrigh formhór eisimircigh Luimnigh ar ha h-iarnróid, na canálach agus na h-ionaid tógála agus ins na mianaí agus na monarchana feola tar éis landáil dóibh i Meiriceá, i Sasana agus san Astráil, d’éirigh le an-chuid dá sliocht tríd an gcóras oideachais postanna a fháil in earnáile airgeadais, riarachán, polataíochta, tionscoile agus tráchtála na dtíortha sin.

Luimneach Thar Lear cuir in eagar

 
Luimneach sa bhliain 1982 roimh ath-fhorbairt an Bhaile Gallda. Radharc thar Abhann na Mainistreach ar Séipéal Mhuire.

Lean ainm Luimnigh eisimircigh ón gcathair go dtí Meiriceá Thuaidh agus an Astráil.

Stáit Aontaithe Mheiriceá cuir in eagar

Tá ar a laghad naoi mbaile agus ceantar cathrach amháin i Stáit Aontaithe Mheiriceá leis an ainm Limerick.

  • Limerick GA (Georgia), 33°50'U, 81°23'I. 38km siar ó dheas ó Savannah. Ritheann an iarnród idir Savannah agus Jacksonville trithi. Tá sráid darbh ainm dó Limerick Road i Midway GA.
  • Limerick IL (Illinois), 41°29'U, 89°28'I. 156km siar siar ó dheas ó Chicago, 12km ó thuaidh ó Princeton.
  • Limerick ME (Maine), 43°41'U, 70°47'I. 42km siar ó Portland. Daonra 2,200. Bunaithe sa bhliain 1773 ag an dlíodóir Séamus Ó Súilleabháin (James Sullivan as Béarla) agus daoine eile agus ainmnithe i gcuimhne áit dúchais athair an tSúilleabháinigh. Tá an ionad Limerick Mills sa bhaile chomh maith.
  • New Limerick ME (Maine), 46°06'U, 67°57'I. 190km ó thuaidh ó Bar Harbour agus 100km siar ó Fredericton i mBrunswick Nua i gCeanada. Daonra 523. Bhunaigh daoine ó Limerick ME an New Limerick Plantation sa bhliain 1775 agus aithníodh mar bhaile í sa bhliain 1837.
  • Limerick MI (Mississippi), 32°45'U, 90°33'I. Ar abhann Yazoo, 19km siar ó dheas ó Yazoo City, 67km siar ó thuaidh ó Jackson.
  • Limerick NY (Nua-Eabhrac), 44°01'U, 76°02'I. 110km ó thuaidh ó Syracuse, 12km siar ó thuaidh ó Watertown.
  • Limerick OH (Ohio), 39°07'U, 82°44'I. 92km ó dheas ó Columbus, 8km siar ó thuaidh ó Jackson.
  • Limerick PA (Pennsylvania), 40°13'U, 75°31'I. 35km siar ó thuaidh ó lár chathair Philadelphia. Daonra 13,500. Bunaithe sa bhliain 1720 ag William Evans, Luimníoch a chuir faoi san áit sa bhliain 1698. Tá ionad trádála Limerick Centre inti chomh maith le stáisiún cumhachta núicléach.
     
    Limerick Academy, Limerick, ME
  • Limerick SC (Carolina Theas), 33°08'U, 79°49'I. 40km ó thuaidh ó Charleston, 6km soir ó Cordesville. Tá sean-eastáit Limerick san áit.
  • Limerick, Louisville KY (Kentucky), 38°14'U, 85°46'I. Ceantar 1.5km ó dheas ó lár cathair Louisville a bhunaíodh i mblianta na 1860í mar áit chónaithe d'oibrithe an Louisville and Nashville Railway.

Ceanada cuir in eagar

Tá ar a laghad dhá bhaile i gCeanada leis an ainm Limerick.

  • Limerick ON (Ontario), 44°58'U, 77°50'I. 185 km soir ó thuaidh ó Torontó, 10 km ó dheas ó Bancroft, ar bhruach Limerick Lake. Bunaithe sa bhliain 1888. Daonra 300 i rith na bliana ach suas le 1,000 sa tsamhradh.
  • Limerick SK (Saskatchewan), 49°38'U, 106°16'I. 143km siar ó dheas ó Regina, 96km siar ó dheas ó Moose Jaw. Daonra 150.

An Astráil cuir in eagar

Tá baile amháin san Astráil darb ainm Limerick.

  • Limerick NSW (New South Wales), 34°14'E, 85°46'O. I Upper Lachlan Shire, 160km siar ó Sydney agus 60km ó thuaidh ó Goulburn.

Tá cnoc darbh ainm dó Limerick Hill, 23°20'E, 117°50'O, i Sléibhte Hammersley in Iarthar na hAstráile. 960km ó thuaidh ó Perth, 460km soir ó Carnarvon agus 300km ó dheas ó Roebourne. Tá sé cóngarach don sliabh Mount Tom Price ina bhfuil ceann des na mianaí iarainn is mó ar domhan.

Tagairtí cuir in eagar