Sailchuach
Planda bliantúil nó ilbhliantúil, dúchasach don chuid is mó de na réigiúin mheasartha, agus cuid mhaith speiceas alpach ann, is ea sailchuach.[1] Na duilleoga croíchruthach de ghnáth. Na bláthanna siogamorfach, le 5 pheiteal is spor ag gobadh ar gcúl, gorm, buí, bán nó meascán díobh, uaireanta cumhra. Cuimsíonn sí na gnéithe is na saghsanna a dtugtar goirmíní searraigh is lusanna croí orthu freisin.[2]
Viola | |
---|---|
Viola reichenbachiana | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Malpighiales |
Fine | Violaceae |
Géineas | Viola L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Viola odorata |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Viola” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Sailchuach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 573.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |