Crapadh ainneonach na scairte is ea snag, a chuireann tús le hionghabháil aeir, a stoptar le freanga ainneonach (is dúnadh) an ghlotais.

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtSnag (scairt)
Aitheantóirí
MeSHD006606
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/hiccup
Téarmaíocht anatamaíoch

Ciallaíonn sin go mbíonn an diafram ag bogadh go tapa agus tagann aer amach ónár mbéal go tapa.[1]

Éist

Uaireanta bíonn “hic” le cloisteáil nuair a bhíonn snag orainn. Cruthaítear mar sin fuaim ghéar shainiúil ionanálaithe leis an ngníomhaíocht seo.

Cúis agus leigheas cuir in eagar

Uaireanta agus sinn ag ithe, nó ag ól an iomarca, nó go róthapa, tagann snag orainn. Ní fios cén fáth go dtarlaíonn snaganna. Is eol nach n-éiríonn leis na leigheasanna pobail.

De ghnáth imíonn snaganna chomh tapa is a tháinig.

Cleasanna cuir in eagar

Go minic, bíonn cleas ag duine chun stop a chur leis an snag.

  • Deir daoine go gcabhraíonn sé má ólann tú gloine uisce go mall.
  • Deir daoine eile gur cheart d’anáil a choinneáil istigh ar feadh 30 soicind.

Inniu, muna n-imíonn snaganna, úsáidtear an druga clórprómaisín chun stop a chur leis.

Uaireanta ní oibríonn na cleasanna nó an druga. Mar sin, níl aon rogha againn ach fanacht go dtí go n-imíonn an snag. Ar 13 Meitheamh 1922,[2] tháinig snag ar Charles Osborne i Meiriceá.[3] Ó bhó, ní raibh aon éifeacht ag na gnáthchleasanna ar an mbail a bhí air. Ní dhearna aon chóir leighis aon leas dó. Mhair an snag ar feadh 68 bliain agus thart ar 430 milliún “hic”. Ar 5 Meitheamh 1990, d’imigh an snag go tobann, gan cúis shoiléir. Inniu tá ainm Charlie sa leabhar Guinness World Records don tréimhse is faide a bhí snag ar dhuine.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Eleathanach 354 (2020-06-06). "Eleathanach | Maynooth University". www.maynoothuniversity.ie. Dáta rochtana: 2020-06-07.
  2. Bumps in the Night. "Charlie Osborne and the Hiccup | Weekly View" (en-US). Dáta rochtana: 2020-06-07.
  3. In pictures | Guinness medical record breakers | Longest attack of hiccups. BBC News. Retrieved on 2 June 2013.
  4. Hussey, Matt (2011). "Snag". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 609.

Naisc sheachtracha cuir in eagar