Steven Chu
fisiceoir Meiriceánach
Fisiceoir a rugadh ar 28 Feabhra 1948 i St. Louis, Missouri, is ea Steven Chu. Roinn sé Duais Nobel na Fisice i 1997 le William Phillips is Claude Cohen-Tannoudji as a dtaighde ar gháis ag teochtaí an-ísle le bealaí a shaothrú chun adaimh a fhuarú is a sháinniú le léas léasair. Bhí sé ina stiúrthóir ar Saotharlann Náisiúnta Lawrence Berkeley go rinnead Rúnaí Fuinnimh de i rialtas an Uachtaráin Obama a bhí ann sna blianta 2009–2013. Tá sé ina ollamh ag Ollscoil California (Berkeley) agus Ollscoil Stanford.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Steven Chu". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 132.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |