Timthriall ocsaigine
Próiseas ina dtáirgtear ocsaigin, a sceitear í isteach san atmaisféar ag plandaí fótaisintéiseacha, agus a n-ionanálaíonn ainmhithe aeróbacha í. Mar thoradh ar a n-ionanálú scaoileann na hainmhithe dé-ocsaíd charbóin, an gás a úsáideann an planda i gcomhair na fótaisintéise. Thosaigh an bheatha ar Domhan níos mó ná 600 milliún bliain ó shin in uisce úr is sáile na farraige, nuair a bhí an-chuid radaíochta ultraivialaite ón nGrian ag lonrú ar an talamh. De réir a chéile thosaigh plandaí ag cruthú ocsaigine san atmaisféar trí fhótaisintéis, agus thosaigh solas na Gréine ag imoibriú leis an ocsaigin seo chun ózón a chruthú go hard san atmaisféar. Thosaigh an ciseal ózóin ag oibriú ar an radaíocht ultraivialait a scagadh amach as radaíocht na Gréine, agus ina dhiaidh sin bhí coinníollacha slána chun gurbh fhéidir go mairfeadh ainmhithe chomh maith le plandaí ar talamh.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Timthriall ocsaigine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 662.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |