Imreoir fichille Boihéamach-Ostarach (agus ó bliain 1888, Meiriceánach) ab ea William Steinitz (rugadh Wilhelm Steinitz, 14 Bealtaine 1836 – 12 Lúnasa 1900). Bhuaigh sé an chéad Chraobh Dhomhanda Fichille oifigiúil sa bhliain 1886. Ba scríbhneoir agus teoiriceoir fichille é, a raibh an-tionchar aige. Measann go leor staraí fichille gurbh é Steinitz an t-imreoir is láidre ar domhan ó na 1860idí, tar éis a d'éirigh Paul Morphy as an bhficheall. Bhí an teideal curadh domhanda oifigiúil ag Steinitz go 1894, nuair a chaill sé é in aghaidh Emanuel Lasker i Nua-Eabhrac. Chaill sé athimirt i 1896-97.

Infotaula de personaWilhelm Steinitz

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith14 Bealtaine 1836
Prág Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Lúnasa 1900
64 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaReilig Evergreens Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Teicneolaíochta Vín - matamaitic Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheNua-Eabhrac
Gníomhaíocht
Réimse oibreFicheall
Gairmimreoir fichille, cumadóir fichille, teoiricí fichille Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Tír spóirtStáit Aontaithe Mheiriceá
Sasana Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtficheall Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileElisabeth Wiebel Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 5067 Cuir in eagar ar Wikidata

Cé gur bhain Steinitz rathúlacht amach le stíl tréanionsaithe a bhí coitianta sna 1860í (an stíl rómánsach), thug sé stíl nua imeartha isteach sa chomórtas Vín in 1873, a bhí bunaithe ar imirt ionaid agus straitéis, ar bhuntáistí beaga a fháil agus a shaothrú agus ar anailís fhadtéarmach seachas ar comhimeartha gasta agus íobairtí dásachtacha. Léirigh sé go raibh an stíl nua níos éifeachtaí ná an tseanstíl ach bhí conspóid ann mar gheall ar cháinteoirí a dúirt go raibh sé "cladhartha" agus cosantach, cé gur léirigh Steinitz go bhféadfadh sé ionsaithe a chur ar bun chomh fíochmhar le haon imreoir eile léi. Ba scríbhneoir bisiúil ar an bhficheall é Steinitz freisin, agus chosain sé a smaointe nua go bríomhar. Bhí an díospóireacht chomh nimhneach, fiú amháin maslach in amanna, gur tugadh "Cogadh an Dúigh" uirthi. Faoi na 1890idí áfach, glacadh go forleathan le cur chuige Steinitz, agus d’admhaigh an chéad ghlúin eile de na himreoirí is fearr go raibh sé faoina chomaoin, go háirithe a chomharba mar churadh an domhain, Lasker.

Óige agus luathghairm cuir in eagar

Rugadh Steinitz ar 14 Bealtaine 1836, sa gheiteo Giúdach i Phrág. Ba é an páiste ab óige de thrí leanbh déag táilliúra a tháinig slán agus d’fhoghlaim sé ficheall a imirt nuair a bhí sé 12 bliain d'aois.[1] Ní raibh sé ina imreoir fichille tiomnaithe, áfach, go dtí lár a fichidí, tar éis dó Prág a fhágáil i 1857 chun staidéar a dhéanamh ar an matamaitic i Vín ag an Polytechnic, áit ar chaith sé dhá bhliain. Tháinig feabhas sciobtha ar fhicheall Steinitz i ndeireadh na 1850idí, ag dul ar aghaidh ón tríú háit sa chraobh chathair V\fdomín 1859 go dtí an chéad áit i 1861. Thuill sé an leasainm "An Morphy Ostarach", rud a thugann le fios go raibh sé ar an t-imreoir is láidre san Ostair faoin am sin.[2][3]

Cuireadh Steinitz chun ionadaíocht a dhéanamh ar an Ostair i gcomórtas fichille Londain 1862. Bhain sé séú háit amach, agus bronnadh duais air don cluiche is  iontaí sa chomórtais in aghaidh Augustus Mongredien.[4][5] Spreag sé seo Steinitz chun dul le ficheall ar bhonn proifisiúnta, agus lonnaigh sé i Londain é.[3] I 1862-63 fuair Steinitz bua iontach amach i gcluiche le Joseph Henry Blackburne, a bheadh ar cheann de na himreoirí is fearr ar domhan ar feadh fiche bliain.[6] Bhuail Steinitz roinnt imreoirí mór le rá ón Ríocht Aontaithe i sraith cluichí: Frederick Deacon agus Mongredien atá thuasluaite i 1863 agus Valentine Green ina dhiaidh sin i 1864.[7]

Bhunaigh na héachtaí seo Steinitz mar cheann de na himreoirí is fearr ar domhan, agus bhí sé in ann cluiche a shocrú i 1866 i Londain i gcoinne Adolf Anderssen, a measadh mar an t-imreoir gníomhach is láidre ar domhan, mar gheall ar a bhua sna comórtais idirnáisiúnta Londain 1851 agus 1862, agus Paul Morphy tar éis éirí as ficheall iomaíoch.[1] Bhuaigh Steinitz an sraith 8-6 (ní raibh comhscór ar bith); tar éis 12 chluiche bhí na scóir cothrom ag 6-6, agus ansin bhuaigh Steinitz an dá chluiche dheireanacha.[3] Mar thoradh ar an mbua seo, measadh Steinitz go ginearálta mar an t-imreoir is fearr ar domhan.[8]

Stíl nua, bearna agus teacht ar ais cuir in eagar

Sna blianta i ndiaidh a bhua ar Anderssen, bhuaigh Steinitz an chuid is mó de na himreoirí móra le rá eile ar domhan sa chluiche, lena n-áirítear Henry Bird i 1866 agus Johannes Zukertort i 1872. Thaispeáin Zukertort é féin mar cheann den éilít trí Anderssen a bhualadh go mór i 1871. Go dtí 1872 d'imir Steinitz ficheall sa stíl ionsaithe, meargánta "rómánsach" a bhí coitianta sa 19ú haois. I Vín 1873, áfach, nocht sé stíl nua foighneach a bhí bunaithe ar imirt ionaid, cathú a chur ar a chéile comhraic ionsaithe fánacha a dhéanamh agus ansin leas a bhaint as laigí ina gcosaint. Ba ea seo tús ré na fichille "nua-aimseartha". Ba rath iontach an stíl seo (cé gur mhusclaigh sé cáineadh ón tráchtairí a duirt go raibh sé ró-chosantach agus fiú amháin cladhartha) agus bhuaigh Steinitz an comórtas i Vín. Ba é seo an tús le stríoc ina bhuaigh sé 25 cluiche i ndiaidh a chéile in iomaíocht.[9]

Idir 1873 agus 1882 níor imir Steinitz in aon chomórtas agus níor imir ach cluiche amháin (bua 7–0 in aghaidh Blackburne i 1876). Bhí a chuid cluichí eile le linn na tréimhse seo i dtaispeántais chomhuaineacha agus le dallóg air. Thuill sé cuid thábhachtach d'ioncam óna leithéid de cluichí. Sa tréimhse seo, d´oibrigh Steinitz mar iriseoir fichille, go háirithe ar The Field, a bhí ar an irisleabhair spóirt is mó le rá sa Bhreatain.[4] Spreag cuid de thráchtairí Steinitz díospóireachtaí theasaí, go háirithe ó Zukertort agus Leopold Hoffer in The Chess Monthly.[10] Ghéaraigh an "Cogadh Dúigh" seo sa bhliain 1881 nuair a cháin Steinitz nótaí Hoffer faoi chluichí i gcomórtas Bheirlín 1881, ina raibh Zukertort ag glacadh páirt ach buaite ag Blackburne. Bhí fonn ar Steinitz na díospóireachtaí a réiteach ar an mbord fichille le Zukertort, agus thug Steinitz faoi go nimhneach air mar geall ar a neamhthoilteanas imirt.

Mar gheall ar an mbearna fada a thóg Steinitz, mhaígh roinnt tráchtairí gur cheart Zukertort, a bhí tar éis roinnt bua suntasach sa chomórtas a scóráil, a mheas mar churaidh fichille an domhain.[8] D'fhill Steinitz ar fichille iomaíoch dáiríre i gcomórtas fichille Vín 1882 , a bhfuil cur síos air mar an comórtas fichille is láidre riamh ag an bpointe sin. In ainneoin drochthús, ghlac sé an chéad áit chomhionann le Szymon Winawer, chun tosaigh ar Zukertort i measc imreoirí eile.[11] Thug Steinitz cuairt ar SAM ansin, ceantar Filideilfia go príomha, ó Nollaig 1882 go Bealtaine 1883, túras ina thugadh fáiltiú díograiseach dó. Tar éis filleadh ar Londain (tréimhse ina bhain Steinitz an dara háit i gcomórtas thar a bheith láidir taobh thiar de Zukertort) chinn Steinitz Sasana a fhágáil go deo agus bhog sé go Nua-Eabhrac, áit a raibh cónaí air ar feadh an chuid eile dá shaol.

Níor chuir sé seo deireadh le "Cogadh an Dúigh" áfach. D'fhoilsigh a chuid naimhde sraith alt frith-Steinitz sa mheáin Meiriceánach,[12] agus sa bhliain 1885 bhunaigh Steinitz an International Chess Magazine, a chuir sé in eagar go dtí 1895, irisleabhair ina rinne sé cuntas ar na hidirbheartaíochtaí fada chun cluiche a chur ar siúl le Zukertort. Ón am a bhuaigh Zukertort an comórtas Londain, bhíothas ag maíomh go raibh sé ina churaidh fichille an domhain, nó gur chóir an cheist a réiteach trí chluiche idir Steinitz agus Zukertort ar a laghad. Thairg Steinitz (agus d'fhoilsigh go dtairg sé é) a leithéid de cluiche a imirt gan táillí, caiteachais agus gan sciar ar bith den geall, agus an cluiche a imirt mar "imeacht carthanachta, ar mhaithe le bhrabús airgid an Uasail Zukertort amháin".[10]

Craobh Domhanda Fichille 1886 cuir in eagar

 
Greanadh déanta as grianghraf de Zukertort (clé) agus Steinitz (deis) le linn an craobhchomórtais 1886 i New Orleans.

Faoi dheireadh aontaíodh go n-imreodh Steinitz agus Zukertort i Nua-Eabhrac, St. Louis agus New Orleans i 1886, agus gurb é an buaiteoir an t-imreoir a bhuaigh deich gcluiche den chéad uair. Ar áitiú Steinitz dúirt an conradh go mbeadh sé ina Chraobh an Domhain sa chás dá chuaigh sé an sraith cluichí.[8][13] Tar éis na cúig chluiche a imríodh i Nua-Eabhrac, bhí Zukertort chun tosaigh 4-1, ach tháinig meath ar a shláinte (cé go raibh sé níos óige na Steinitz) agus sa deireadh bhuaigh Steinitz go cinntitheach 12½–7½ agus é ar an gcéad curadh oifigiúil domhanda.[14] Cé nach saoránach Meiriceánach é go hoifigiúil fós, theastaigh ó Steinitz go gcuirfí bratach na Stát Aontaithe in aice leis le linn an chluiche. Rinneadh saoránach SAM de ar 23 Samhain 1888, tar éis dó a bheith ina chónaí ar feadh cúig bliana i Nua-Eabhrac, agus d’athraigh sé a ainm ó Wilhelm go William.

Réim mar churaidh an domhain cuir in eagar

Sa bhliain 1887 chuireadh tús le hobair ar rialacháin a dhréachtú le haghaidh stáitsiú chomórtais chraobh an domhain amach anseo. Thacaigh Steinitz go gníomhach leis an iarracht seo ach, taobh amuigh an tionscadal seo, thairg Club Fichille La Habana urraíocht a dhéanamh ar chluiche idir Steinitz agus cibé imreoir a roghnódh sé mar chéile comhraic fiúntach. D'ainmnigh Steinitz Mikhail Chigorin as an Rúis, cé nach bhfuil sé go hiomlán soiléir go mhead Steinitz an cluiche seo mar chluiche do chraobh an domhain. Níor fhorbair an cluiche ón tionscnamh ina raibh Steinitz ag baint leis, agus sheachain Steinitz agus an frása Craobh Domhanda go feiceálach.[15] Cibé stádas a bhí ag an gcluiche, imríodh é i gCúba idir mí Eanáir agus Feabhra 1889, agus bhuaigh Steinitz é 10½-6½.

Mar an chéad Craobh Domhanda Fichille eile, imríodh comórtas i Nua-Eabhrac 1889 faoin choimirce American Chess Congress. Níor ghlac Steinitz pairt sa chomórtas seo, áfach, agus nuair a chríochnaigh Chigorin agus Max Weiss ar comhscór sa chéad áit tar éis cluichí réiteach, d'fhill Weiss filleadh ar a chuid oibre don Bhanc Rothschild, ag géilleadh don teideal Chigorin. I ndeireadh na dála, fágadh don imreoir sa tríú áit Isidor Gunsberg ón Ungáir imirt in aghaidh Steinitz don teideal, agus bhuaigh Steinitz 10½–8½. Níor usáideadh an struchtúr comhchasta seo arís agus i 1892 shocraigh athchluiche idir Steinitz agus Chigorin i La Habana i 1892, cluiche ina bhuaigh Steinitz 12½-10½.

Craobh Domhanda Fichille 1894 agus cailleadh in aghaidh Lasker cuir in eagar

Faoin am seo, bhí Steinitz ag labhairt go poiblí faoi dul ar scor ón ficheall, ach d'athraigh sé a intinn nuair a thug Emanuel Lasker, Gearmánach 26 bliain d'aois, dúshlán air. Bhí sraith buanna as a chéile ag Lasker ina ghairm gearr, agus thairg sé geall $5,000 chun imirt le Steinitz. Ní raibh Lasker in ann an t-airgead a bhailiú, áfach, agus tar éis sraith laghduithe bhí sé ar Steinitz geall $2,000 a taobh a glacadh, suim níos lú ná cuid de chluichí níos luaithe Steinitz. Cé gur moladh é seo go poiblí mar ghníomh spórtúlachta ón Steinitz, is é is dóichi ná a malairt ná go raibh an t-airgead ag teastáil go géar uaidh.[16][17]

 
Lasker i 1909.

Imríodh an cluiche i 1894 i Nua-Eabhrac, Filideilfia agus Montreal, Ceanada. Cheapadh go mbuafeadh Steinitz go héasca (ag Steinitz féin) agus b'ábhar iontais é nuair a bhuaigh Lasker an chéad chluiche. Tháinig Steinitz ar ais le buachaint sa dara cluiche agus bhí sé in ann an t-iarmhéid a choinneáil go dtí an séú cluiche. As sin amach, áfach, bhuaigh Lasker na cluichí go léir ón cluiche 7 go dtí an 11ú cluiche. D'iarr Steinitz sos seachtaine agus nuair a thosaigh an cluiche arís, bhí feabhas air agus bhuaigh sé an 13ú agus an 14ú cluichí. Tar éis buachaint Lasker sa 15ú agus 16ú, áfach, ní raibh Steinitz in ann cúiteamh a dhéanamh ar a chaillteanais níos luaithe. Mar sin, tháinig deireadh leis an réim Steinitz agus bhí Lasker ar an curadh fichille an domhain nua.

Tar éis dó an teideal a chailleadh, d'imir Steinitz i gcomórtais níos minice ná mar a bhí roimhe. Bhuaigh séi Nua-Eabhrac 1894 agus Hastings 1895. Ag comórtas an-láidir le Lasker, Chigorin agus Pillsbury i St Petersburg 1895 fuair sé an dara háit taobh thiar de Lasker, ag bunú a éileamh ar athimirt. Tharla sé seo idir mí na Samhna 1896 agus Eanáir 1897 i Moscó, ach léirigh an toradh cumas lagaithe Steinitz. Ní bhuaigh sé ach dhá chluiche, agus chaill sé 10 gcinn.[18] Go gairid i ndiaidh an chluiche, bhí cliseadh néarógach ag Steinitz agus coinníodh i sanatorium i Moscó ar feadh 40 lá. Tuairiscíodh gur cheap na dochtúirí ar feadh tamaill gur gealt a bhí ann agus é ag ligint air gur imreoir fichille cailiúil é.[13] Mhill na blianta deiridh Steinitz ag meabhairghalar agus bochtaineacht. Maíonn roinnt údair gur fuair sé sifilis,[19] a d’fhéadfadh a bheith ina chúis leis na cliseadh. Sna míonna roimh a bhás, chaith sé tréimhse ama eile i ngealtlann.[20] Níor thug a ghníomhaíochtaí fichille aon luach saothair mhóra airgeadais, agus fuair sé bás in Ospidéal Stáit Manhattan ar 12 Lúnasa 1900, de bharr taom croí.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Schoenberg, Harold C. (1981). Grandmasters of Chess (Rev. ed.). New York: W.W. Norton & Co. l. 99.
  2. Shibut, Macon (May 7, 2014). Paul Morphy and the Evolution of Chess Theory. Mineola, New York: Dover Publications. l. 82.
  3. 3.0 3.1 3.2 The World Chess Championship, by I.A. Horowitz, Macmillan, New York, 1973, l. 20.
  4. 4.0 4.1 Bill Wall (2016). ""William Steinitz"". Dáta rochtana: 23/06/2023.
  5. Kasparov, Garry (2003). My great predecessors: Part I. Everyman Chess. l. 46.
  6. "Chessmetrics Player Profile: Joseph Blackburne". chessmetrics.com. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  7. "Wilhelm Steinitz (1836-1900)". web.archive.org (2008-06-19). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-06-19. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  8. 8.0 8.1 8.2 "Early Uses of ‘World Chess Champion’ by Edward Winter". www.chesshistory.com. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  9. "World exhibitions". web.archive.org (2008-06-19). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-06-19. Dáta rochtana: 2023-06-25.
  10. 10.0 10.1 "Kasparov, Karpov and the Scotch by Edward Winter". www.chesshistory.com. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  11. "International Chess Tournament Vienna 1882" (en). Chess News (2005-01-03). Dáta rochtana: 2023-06-26.
  12. William Steinitz (2002-08-27). "The Steinitz Papers: Letters and Documents of the First World Chess Champion" (as en). McFarland. 
  13. 13.0 13.1 Landsberg, K. (1993). William Steinitz: A biography of the Bohemian Caesar. McFarland & Co.
  14. "Steinitz - Zukertort World Championship Match (1886)". www.chessgames.com. Dáta rochtana: 2023-06-27.
  15. Anders Thulin (31-03-2009). "Steinitz—Chigorin, Havana 1889: A World Championship Match or Not?". Dáta rochtana: 28-06-2023.
  16. New York Times (11-03-1894). "Ready for a big chess match". Dáta rochtana: 28-06-2023.
  17. "Chessville Reviews - The Steinitz Papers - Edited by Kurt Landsberger - Reviewed by Prof. Nagesh Havanur". web.archive.org (2007-11-24). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-24. Dáta rochtana: 2023-06-28.
  18. "1896 Lasker - Steinitz : World Chess Championship". www.mark-weeks.com. Dáta rochtana: 2023-06-29.
  19. "Log in or Subscribe – ChessCafe.com". chesscafe.com. Dáta rochtana: 2023-06-29.
  20. "Baltimore American - Google News Archive Search". news.google.com. Dáta rochtana: 2023-06-29.