William Huggins
réalteolaí Briotanach (1824-1910)
Réalteolaí a rugadh i Londain ab ea an Ridire William Huggins (7 Feabhra 1824 – 12 Bealtaine 1910). Thóg sé réadlann i 1855, agus cheap an speictreascóp réaltach a bhí an-tábhachtach in anailísiú chomhdhéanamh fisiciúil na réaltaí, na bpláinéad, na gcóiméad, is na néalta. Rinne sé amach gur astaigh na cóiméid solas gás carbóin lonraigh (1868), agus ríomh an méid teasa a shroicheann an Domhan ó chuid de na réaltaí.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "William Huggins". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 354.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |