Colscaradh
An próiseas chun pósadh nó aontas pósta a fhoirceannadh é colscaradh, ar a dtugtar freisin díscaoileadh an phósta. De ghnáth bíonn i gceist leis an colscaradh dualgais agus freagrachtaí dlíthiúla an phósta a chealú nó a atheagrú, agus ar an gcaoi sin bannaí an phósta idir lánúin phósta a dhíscaoileadh faoi riail dlí na tíre nó an stáit áirithe. Tá difríochtaí móra idir dlíthe colscartha ar fud an domhain,, ach i bhformhór na dtíortha éilíonn an colscaradh ceadú cúirte nó údaráis eile i bpróiseas dlí, a bhféadfadh saincheisteanna a bheith i gceist maidir le dáileadh maoine, cúram leanaí, ailiúnas (taca chéile),cuairt / rochtain ar leanaí, am tuismitheoireachta, taca leanaí, agus roinnt an fhéich. I bhformhór na dtíortha, éilítear an monagamas de réir dlí, mar sin ligeann an colscaradh do gach iarpháirtnéir duine eile a phósadh.
Nuair a chliseann orthu siúd atá i gcaidreamh faoin dlí coiteann, tugtar scaradh air, seachas colscaradh.[1]
Tá an colscaradh difriúil ón neamhniú, a dhearbhaíonn an pósadh a bheith ar neamhní go hiomlán, nó idirscaradh dlíthiúil nó scaradh de jure (próiseas dlí trína bhféadfaidh lánúin phósta scaradh de facto a fhoirmiú go foirmiúil agus iad fós pósta go dlíthiúil) nó le scaradh de facto (próiseas ina bhfuil stopann na céilí go neamhfhoirmiúil le chéile). Athraíonn fáthanna na gcolscarthaí, ó neamh-chomhoiriúnacht ghnéasach nó easpa neamhspleáchais do chéile amháin nó don bheirt chéile go dtí clonscairt phearsantachta .[2]
Is iad na hOileáin Fhilipíneacha, Cathair na Vatacáine agus Spleáchas Corónach na Breataine Sark na tíortha amháin nach gceadaíonn colscaradh. Sna hOileáin Fhilipíneacha, níl an colscaradh do Fhilipínigh neamh-Mhoslamacha dlíthiúil mura neachtrannach an fear céile nó an bhean chéile agus má shásaíonn sé/sí coinníollacha áirithe.[3]
Is stát eaglasta í Cathair na Vatacáine, nach bhfuil aon nós imeachta ann maidir leis an cholscaradh. Is iad na tíortha a bhfuil an colscaradh dleathach acu le déanaí ná an Iodáil (1970), an Phortaingéil (1975, cé go raibh sé indéanta ó 1910 go 1940 don phósadh sibhialta agus reiligiúnach), an Bhrasaíl (1977), an Spáinn (1981), an Airgintín (1987), Paragua (1991),[4] an Cholóim (1991; ó 1976 ach amháin do dhaoine nach Caitlicigh iad), Andóra (1995), [5] Éire (1996), an tSile (2004) agus Málta (2011).
Sonraí
cuir in eagarTá Éire i measc na gcúig thír is lú ráta colscartha san Eoraip, de réir figiúirí atá cruinnithe ag Amazing Maps, bunachar léarscáileanna ar Twitter. Meastar go mbaineann an ráta íseal le cúinsí airgid den chuid is mó i gcás na hÉireann. Ghlac an oiread céanna daoine agus a fuair colscaradh le hidirscaradh breithiúnach (legal separation), mar shampla, rogha atá níos saoire agus níos gaiste.[6]
Is í an Mhacadóin an tír leis an ráta colscartha is lú ar fad; tá 8% den daonra ansin colscartha.
Ar an taobh eile den scéal ar fad, tá an Bheilg ar an tír is mó colscaradh, le 71% den daonra colscartha.Is spéisiúil go bhfuil sé réasúnta furasta agus saor colscaradh a fháil sa Bheilg, an tír is mó colscaradh, i gcomparáid le tíortha eile san Eoraip, agus go bhfuil fáil ag mná ar oideachas agus ar phoist mhaithe.
Maidir le tíortha eile, tá 68% de dhaonra na Portaingéile colscartha, 67% san Ungáir, 66% i bPoblacht na Seice agus 61% sa Spáinn.[6]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Separation Agreement Ontario - ClearWay Law -844-466-6529". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-10-29. Dáta rochtana: 2020-04-07.
- ↑ The Covenant Divorce Recovery Leader's Handbook - Page 166, Wade Powers - 2008
- ↑ Gloria (2007). "Who needs divorce in the Philippines?". Mindanao Law Journal 1: 18–28. doi: .
- ↑ Sex and the State: Abortion, Divorce, and the Family Under Latin. American Dictatorships and Democracies, by Mala Htun, pp 102
- ↑ Le divorce en droit comparé: Europe by Bernard Dutoit, Raphaël Arn, Béatrice Sfondylia, Camilla Taminelli, pp.56
- ↑ 6.0 6.1 Méabh Ní Thuathaláin (16ú Bealtaine 2016). "Tíortha an Ghrá? Éire an 3ú tír is lú colscaradh san Eoraip!" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-09-10.