Eilís II na Ríochta Aontaithe

Banríon na Ríochta Aontaithe

Ba í Eilís II, (Elizabeth Alexandra Mary; 21 Aibreán 1926 - 8 Meán Fómhair 2022) banríon cheannasach agus ceann stáit Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus ar 15 tír eile i gComhlathas na Náisiún. Ba cheannaire an Chomhlathais agus Gobharnóir Uachtarach Eaglais Shasana í.

Infotaula de personaA Mórgacht Cuir in eagar ar Wikidata
Eilís II na Ríochta Aontaithe

(2015) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Elizabeth II Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Elizabeth Alexandra Mary Windsor Cuir in eagar ar Wikidata
21 Aibreán 1926
Mayfair, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Meán Fómhair 2022
96 bliana d'aois
Caisleán Bhaile Mhorail, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaKing George VI Memorial Chapel (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Monarc San Críostóir-Nimheas
19 Meán Fómhair 1983 – 8 Meán Fómhair 2022
← luach ar iarraidh – Séarlas, Prionsa na Breataine Bige →
Monarc d'Antigua agus Barbúda
1 Samhain 1981 – 8 Meán Fómhair 2022
← luach ar iarraidh – Séarlas, Prionsa na Breataine Bige →
Monarch of Belize (en) Aistrigh
21 Meán Fómhair 1981 – 8 Meán Fómhair 2022
← luach ar iarraidh – Séarlas, Prionsa na Breataine Bige →
Monarc Shan Uinseann agus na Greanáidíní
27 Deireadh Fómhair 1979 – 8 Meán Fómhair 2022
← luach ar iarraidh – Séarlas, Prionsa na Breataine Bige →
Monarch of Saint Lucia (en) Aistrigh
22 Feabhra 1979 – 8 Meán Fómhair 2022
← luach ar iarraidh – Séarlas, Prionsa na Breataine Bige →
Monarc Túvalú
1 Deireadh Fómhair 1978 – 8 Meán Fómhair 2022
← luach ar iarraidh – Séarlas, Prionsa na Breataine Bige →
Monarch of the Solomon Islands (en) Aistrigh
7 Iúil 1978 – 8 Meán Fómhair 2022
← luach ar iarraidh – Séarlas, Prionsa na Breataine Bige →
Monarc Stát Neamhspleách Nua-Ghuine Phapua
16 Meán Fómhair 1975 – 8 Meán Fómhair 2022
← luach ar iarraidh – Séarlas, Prionsa na Breataine Bige →
Monarc Ghreanáda
7 Feabhra 1974 – 8 Meán Fómhair 2022
← luach ar iarraidh – Séarlas, Prionsa na Breataine Bige →
Monarc na mBahámaí
10 Iúil 1973 – 8 Meán Fómhair 2022
← luach ar iarraidh – Séarlas, Prionsa na Breataine Bige →
Monarch of the Dominion of Fiji (en) Aistrigh
1970 – 6 Deireadh Fómhair 1987
← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist →
Monarch of the commonwealth realm of Mauritius (en) Aistrigh
12 Márta 1968 – 12 Márta 1992
← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist →
Monarc Bharbadós
30 Samhain 1966 – 29 Samhain 2021
← luach ar iarraidh
Monarch of the commonwealth realm of Guyana (en) Aistrigh
1966 – 1970
← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist →
Monarch of the commonwealth realm of the Gambia (en) Aistrigh
1965 – 1970
← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist →
Monarch of the State of Malta (en) Aistrigh
1964 – 1974
← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist →
Monarch of Malawi (en) Aistrigh
1964 – 1966
← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist →
Monarch of the commonwealth realm of Kenya (en) Aistrigh
1963 – 1964
← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist →
Monarch Iamáice
6 Lúnasa 1962 – 8 Meán Fómhair 2022
← luach ar iarraidh – Séarlas, Prionsa na Breataine Bige →
Monarch of Trinidad and Tobago (en) Aistrigh
1962 – 1976
← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist →
Monarch of the commonwealth realm of Uganda (en) Aistrigh
1962 – 1963
← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist →
Queen of Trinidad and Tobago (en) Aistrigh
1962 – 1976 (abolition of monarchy (en) Aistrigh)
Monarch of the commonwealth realm of Sierra Leone (en) Aistrigh
1961 – 1971
← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist →
Monarch of Tanganyika (en) Aistrigh
1961 – 1962
← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist →
Monarc de Chónaidhm na Nigéire
1960 – 1963
← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist →
Monarc Ghána
1957 – 1960
← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist →
Monarc na hAstráile
6 Feabhra 1952 – 8 Meán Fómhair 2022
← Seoirse VI na Ríochta AontaitheSéarlas, Prionsa na Breataine Bige →
Monarc Cheanada
6 Feabhra 1952 – 8 Meán Fómhair 2022
← Seoirse VI na Ríochta AontaitheSéarlas, Prionsa na Breataine Bige →
Tiarna Mhanann
6 Feabhra 1952 – 8 Meán Fómhair 2022 – Séarlas, Prionsa na Breataine Bige →
Diúc Lancaster
6 Feabhra 1952 – 8 Meán Fómhair 2022 – Séarlas, Prionsa na Breataine Bige →
Ceann an Chomhlathais
6 Feabhra 1952 – 8 Meán Fómhair 2022 – Séarlas, Prionsa na Breataine Bige →
Monarc na Ríochta Aontaithe
6 Feabhra 1952 – 8 Meán Fómhair 2022
← Seoirse VI na Ríochta AontaitheSéarlas, Prionsa na Breataine Bige →
Monarc na Nua-Shéalainne
6 Feabhra 1952 – 8 Meán Fómhair 2022
← Seoirse VI na Ríochta AontaitheSéarlas, Prionsa na Breataine Bige →
Monarc Tiarnas na Pacastáine
6 Feabhra 1952 – 1956
← Seoirse VI na Ríochta AontaitheDeireadh an phoist →
Monarc Aontas na hAfraice Theas
6 Feabhra 1952 – 1961
← Seoirse VI na Ríochta AontaitheDeireadh an phoist →
Gobharnóir Uachtarach Eaglais Shasana
6 Feabhra 1952 – 8 Meán Fómhair 2022
Monarc Tiarnas na Siolóine
6 Feabhra 1952 – 1972
← Seoirse VI na Ríochta AontaitheDeireadh an phoist →
Ard-Cheannasaí ar Fhórsaí Cheanada
1952 –
Oidhre toimhdeach monarcacht na Ríochta Aontaithe
11 Nollaig 1936 – 6 Feabhra 1952 (teacht i gcoróin Bhriotanach) Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Shasana
Áit chónaithePálás Buckingham
Caisleán Windsor
Caisleán Bhaile Mhorail
Sandringham House
Holyrood Palace (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisBéarla
Airde64 in Cuir in eagar ar Wikidata
Dath súileGorm
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidMarion Crawford, Henry Marten agus William Henry Harris
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataAuxiliary Territorial Service (en) Aistrigh
Eile
Teideal uasalMonarc Bharbadós (1952–2021)
Monarc na Ríochta Aontaithe (1952–2022)
Céile an rí (1952–2022)
Bandiúc Dhún Éideann (1947–)
Banphrionsa na Ríochta Aontaithe (1936–1952)
Banphrionsa na Breataine (1926–1952)
Monarc na Nua-Shéalainne (–2022)
Monarc Cheanada (–2022)
Monarc na hAstráile (–2022)
Monarc d'Antigua agus Barbúda (–2022) Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeach na Windsor Cuir in eagar ar Wikidata
CéilePrionsa Pilib, Diúc Dhún Éideann (1947–2021), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteSéarlas, Prionsa na Breataine Bige, Prionsa Aindrias, Diúc Eabhrac, Áine, Banphrionsa Ríoga, Prionsa Éadbhard, Iarla Wessex Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSeoirse VI na Ríochta Aontaithe  agus Elizabeth Bowes-Lyon
SiblínBanphrionsa Margaret, Cuntaois Snowdon
Croineolaíocht
19 Meán Fómhair 2022Sochraid Bhanríon Eilís II
8 Meán Fómhair 2022sochraid Bhanríon Eilís II
6 Feabhra 2022Platinum Jubilee of Elizabeth II (en) Aistrigh
Aibreán 2021death and funeral of Prince Philip, Duke of Edinburgh (en) Aistrigh
5 Aibreán 2020óráid
31 Eanáir 2020paindéim COVID-19 sa Ríocht Aontaithe
2020Megxit
6 Feabhra 2017Sapphire Jubilee of Elizabeth II (en) Aistrigh
20142014 Scottish independence referendum (en) Aistrigh
6 Feabhra 2012Diamond Jubilee of Elizabeth II (en) Aistrigh
20122012 Summer Olympics opening ceremony (en) Aistrigh
20122012 Summer Paralympics opening ceremony (en) Aistrigh
Bealtaine 2011State visit by Elizabeth II to the Republic of Ireland (en) Aistrigh
25 Samhain 2009Vincentian constitutional referendum, 2009 (en) Aistrigh
30 Aibreán 2008Tuvaluan constitutional referendum, 2008 (en) Aistrigh
6 Feabhra 2002Golden Jubilee of Queen Elizabeth II (en) Aistrigh
11 Meán Fómhair 20019/11
Samhain 1999Australian republic referendum (en) Aistrigh
6 Meán Fómhair 1997funeral of Diana, Princess of Wales (en) Aistrigh
31 Lúnasa 1997death of Diana, Princess of Wales (en) Aistrigh
20 Samhain 19921992 Windsor Castle fire (en) Aistrigh
6 Feabhra 1992Ruby Jubilee of Elizabeth II (en) Aistrigh
1992annus horribilis
14 Bealtaine 19871987 Fijian coups d'état (en) Aistrigh
6 Márta 1984-3 Márta 1985stailc mianadóirí RA
25 Deireadh Fómhair 1983-15 Nollaig 19831983 Invasion of Grenada (en) Aistrigh
29 Iúil 1981wedding of Charles, Prince of Wales, and Lady Diana Spencer (en) Aistrigh
Aibreán 1981-Iúil 19811981 England riots (en) Aistrigh
6 Feabhra 1977Silver Jubilee of Queen Elizabeth II (en) Aistrigh
17 Iúil 1976-1 Lúnasa 1976Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1976
11 Samhain 19751975 Australian constitutional crisis (en) Aistrigh
29 Deireadh Fómhair 1956-7 Samhain 1956Géarchéim Shuais
2 Meitheamh 1953coronation of Elizabeth II (en) Aistrigh (Abtheach Westminster)
15 Feabhra 1952death and state funeral of George VI (en) Aistrigh
20 Samhain 1947wedding of Princess Elizabeth and Philip Mountbatten (en) Aistrigh
21 Aibreán 1947óráid
8 Bealtaine 1945Lá an Bhua san Eoraip
1 Meán Fómhair 1939-2 Meán Fómhair 1945an Dara Cogadh Domhanda
12 Bealtaine 1937coronation of George VI and Elizabeth (en) Aistrigh
1936abdication of Edward VIII (en) Aistrigh
Meech Lake Accord (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú


IMDB: nm0703070 Allocine: 398462 Rottentomatoes: celebrity/queen-elizabeth-ii Allmovie: p58193 Metacritic: person/queen-elizabeth-ii TV.com: people/queen-elizabeth-ii AFI: 224828
Youtube: UC3OQt3i32L8enTbougI2kbg Spotify: 3JiiHGuMiEAoJMDOLeohne iTunes: 656886884 Last fm: Queen+Elizabeth+II Musicbrainz: 911ffa04-7051-4172-a370-02f1102120ef Discogs: 1047256 Allmusic: mn0001011653 Find a Grave: 243356919 Deezer: 4843949 Cuir in eagar ar Wikidata

Tháinig Eilís II i gcoróin ar an 6 Feabhra 1952. Bhí sí i réim níos faide ná aon cheann stáit eile sa 20ú / 21ú haois. Bhí cion ag mórán de mhuintir na Breataine ar Eilís II, a monarc is faide réim riamh (d’éirigh sí ar an mbanríon is faide i réim i Sasana ar an 9 Meán Fómhair 2015).[1]

1953

Tús a saoil

cuir in eagar

Rugadh Eilís i Londain ar 21 Aibreán 1926, an iníon is sine ag an bPrionsa Albert, diúc York agus mac George V (anRí Seoirse VI níos déanaí), agus a bhean Elizabeth Bowes-Lyon.

Baisteadh sa Seomra Ceoil i bPálás Buckingham í. Sul má tháinig sí i gcoróin, bhí an teideal Bandiúc Dhúin Éideann aici.

Ba í Elizabeth an léiroidhre don choróin ón uair a thug a huncail Edward VIII suas an choróin. Nuair a d’éirigh Edward as i 1936, rinneadh rí dá hathair, George VI.

1963 agus an Kokoshnik Tiara á caitheamh aici
1976

Chaith sí tréimhse in Óglaigh na Breataine i rith an Chogaidh. Phós sí prionsa as an nGréig agus leifteanant sa chabhlach, Philip Mountbatten, i 1947. Ceathrar páistí a bhí acu, an Prionsa Charles, an Banphrionsa Anne, an Prionsa Andrew agus an Prionsa Edward.

Cuireadh tús lena ré sa bhliain 1952.[2] Corónaíodh Eilís ar na 2 Meitheamh 1953 in Westminster Abbey. Ba é an chéad searmanas corónaithe a craoladh ar an teilifís.

Léargas ar fhad a réime é go raibh Josef Stalin, Mao Zedong, Harry Truman agus Winston Churchill ina gceannairí ar a dtíortha nuair a tháinig sí i gcoróin.[3]

Ba mhinic í ag taisteal mar Bhanríon. Chuaigh sí ar chamchuairt ar an Eoraip agus thug sí cuairt ar Cheanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i 1957. I 1961, ba í an chéad mhonarc de chuid Shasana le  caoga bliain chun cuairt a thabhairt ar fho-ilchríoch na hIndia. I 1968, ba í an chéad mhonarc le cuairt a thabhairt ar Mheiriceá Theas agus i 1979 ba í an chéad mhonarc le cuairt a thabhairt ar thíortha Mhurascaill na Peirse.[3]

Saol an teaghlaigh

cuir in eagar

Thuig Éilis go raibh gá le nuachóiriú a dhéanamh ar an monarcacht agus thug sí cead isteach go dtí an teaghlach do na ceamaraí teilifís le linn na 1970idí. I 1978 thug sí a beannacht do chur ar ceal phósadh a deirféar.

Sna 1990idí is mó a tugadh a dúshlán mar Bhanríon. Thug sí annus horribilis ar an mbliain 1992. An bhliain sin scar an Prionsa Charles agus a bhean Diana Spencer, Banphrionsa na Breataine Bige óna chéile agus scar an Prionsa Andrew óna bhean, Sarah, bandiúc York. Fuair an Banphrionsa Anne colscaradh agus dódh Caisleán Windsor an bhliain chéanna.[3]

Bhí géarchéim eacnamaíochta ann chomh maith a d’fhág go raibh saibhreas an teaghlaigh ríoga ina údar cainte mór i measc an phobail. D’fhógair an Bhanríon go n-íocfadh sí cáin feasta ar a teacht isteach príobháideach.

Chuaigh rudaí in olcas i 1997 nuair a fuair Banphrionsa na Breataine Bige Diana bás. Bhí an ghoimh ar dhaoine nuair a dhiúltaigh an Bhanríon an bhratach a chrochadh ar leathcheann os cionn Phálás Buckingham mar chomhartha ómóis do Diana.[3]

D’éirigh leis an mBanríon teacht aniar a dhéanamh ina dhiaidh sin ach bhí conspóidí eile ann, amhail cinneadh an Phrionsa Harry agus a bhean Meghan Markle éirí as a gcúraimí ríoga.[3]

in éineacht George W. Bush, 2007

Cuairt ar Éirinn sa bhliain 2011

cuir in eagar

Thug Eilís II cuairt stairiúil ar Phoblacht na hÉireann sa bhliain 2011. Cé go raibh sí go minic sa Tuaisceart ba í an chuairt an bhliain sin an chéad uair gur sheas monarc as Sasana sa deisceart ó bhí a seanathair, An Rí George V, ar thuras timpeall na hÉireann i 1911, tráth a raibh an tír go léir faoi smacht na Breataine.

Thosaigh sí amach i mBaile Átha Cliath, áit ar thug sí cuairt ar Gháirdíní an Chuimhneacháin, Páirc an Chrócaigh, Áras an Uachtaráin chomh maith leis an gCuimhneachán Cogaidh i nDroichead na hInse.

Thug Eilís II óráid faoin gcaidreamh idir an dá thír a thuill ardmholadh. Tugadh suntas chomh maith don scéal gur i nGaeilge a chuir sí tús lena hóráid. “A Uachtaráin, agus a chairde…” a dúirt sí, ráiteas a thug ar Uachtarán na hÉireann, Mary McAleese ‘Wow’ a rá trí bhabhta.[3]

Chuaigh sí, ina dhiaidh sin, go Caiseal i dTiobraid Árainn, go dtí Graí Náisiúnta na hÉireann agus go dtí an Margadh Sasanach i gCorcaigh.

Thacaigh formhór mhuintir na hÉireann leis an turas ach eagraíodh roinnt agóidí beaga ina coinne. Cáineadh, ach go háirithe, an tslándáil toisc go raibh an chuid is mó de Bhaile Átha Cliath dúnta i rith an turais.

Idirghabháil pholaitiúil sna 2010idí

cuir in eagar

Ag dul anonn in aois, rug an díocas náisiúnachais greim ar an mBanríon. Mar shampla, rinne sí idirghabháil díreach sa bhliain 2014 nuair a reáchtáladh reifreann neamhspleáchais na hAlban. Dúirt Éilis gur 'ba cheart do dhaoine a bheith smaoineamh go cúramach faoi',[4] Tuairiscíodh go forleathan an achainí.[5] I ndiaidh an reifrinn, dúirt an Príomh-Aire, David Cameron, go raibh cluaisíní croí ar an mBanríon ('purred like a cat') faoin toradh.[6]

Sa bhliain 2016, roimh vóta na Bhreatimeachta, tuairiscíodh sna nuachtáin i bhfad amach ar an eite dheis go raibh an Bhanríon ar thaobh na nEoraisceipteach. Tháinig an Sun amach le "Queen backs Brexit" ar 8 Márta 2016.[7] De réir an Sun, níor ghlac an Independent Press Standards Organisation go raibh an scéal míchruinn ar 17 Bealtaine.[8]

Ansin, lá amháin roimh an reifrinn,[9] ar 21-22 Meitheamh, rith an Daily Express, “Queen issues EU challenge”,[10] agus an Daily Telegraph, “Tell me why we should Remain, Queen asks dinner guests”,[11] agus an Sun, arís,[12] agus an Times,[13] "Queenː Give me 3 good reasons we should stay in Europe".[14] Níor eisigh an Pálás séanadh ar bith. Glacadh leis an mBreatimeacht le tromlach beag (52%-48̬%).

Bhásaigh a fear céile, Philip Mountbatten sa bhliain 2021, agus é 99 bliain.

Rinneadh ceiliúradh ar 70 bliain theacht i gcoróin Eilís II ar an 6 Feabhra 2022, ach ní raibh sí in ann freastal ar an gceiliúradh.

Cheap Eilís II, ar 6 Meán Fómhair 2022, Liz Truss ina príomh-aire i mBaile Morail na hAlban (an 15ú príomh-aire ar an mBreatain ó corónaíodh í).

Cailleadh Eilís II dhá lá níos déanaí, ar 8 Meán Fómhair 2022, in aois 96 bliain di. Ba i gCaisleán Balmoral in Albain a bhí Banríon Shasana ag cur fúithi le tamall de bharr nach raibh a sláinte thar mholadh beirte..[2]

Ba í an Bhanríon Eilís an té ab fhaide i gcumhacht riamh mar cheannaire stáit sa Bhreatain, ó 1952 go dtí 2022. Bhí 14 uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá sa tréimhse chéanna. Sháraigh Eilís fad réim na Banríona Victoria, a sin-seanmháthair, (a bhí beagnach 64 bliain i gcoróin).[3]

Tháinig a mac Séarlas, Prionsa na Breataine Bige, nó Séarlas III, i gcomharbacht uirthi.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Nuacht RTÉ (2015-09-09). "An bhanríon Eilís - an Bhanríon is faide i réim" (as ga). 
  2. 2.0 2.1 Nuacht TG4 (8 MF 2022). "Banríon Shasana tar éis bháis" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2022-09-08.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 3.6 "Banríon Shasana, Eilís II, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-08.
  4. "The Queen hopes Scots will think very carefully before voting in the independence referendum" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2022-09-18.
  5. "What the Scottish papers say" (en-GB). BBC News (2014-09-15). Dáta rochtana: 2022-09-18.
  6. "David Cameron: I'm extremely sorry for saying Queen 'purred' over Scottish Independence vote". www.telegraph.co.uk. Dáta rochtana: 2022-09-18.
  7. "Revealed: Queen backs Brexit as alleged EU bust-up with ex-Deputy PM emerges" (en-gb). The Sun (2016-03-08). Dáta rochtana: 2022-09-18.
  8. "Downing Street 'sent into overdrive' by Sun exclusive on Queen backing Brexit, book reveals" (en-gb). The Sun (2016-10-05). Dáta rochtana: 2022-09-18.
  9. Katarina Botta (4 Iúil 2018). "[http://essay.utwente.nl/75774/1/Botta_BA_BMS.pdf How British Newspapers Frame The EU Referendum 2016 A framing analysis of the Brexit debate]". Dáta rochtana: 2022.
  10. Laura Mowat (2016-06-22). "Queen asks dinner guests: Give me three 'GOOD reasons' to stay in" (en). Express.co.uk. Dáta rochtana: 2022-09-18.
  11. Gordon Rayner (2016-06-21). "EU referendum: Queen asks guests to give her three reasons why Britain should remain in Europe" (en-GB). The Telegraph. Dáta rochtana: 2022-09-18.
  12. "Queen quizzes VIP dinner guests for their views on Europe ahead of Brexit vote" (en-gb). The Sun (2016-06-21). Dáta rochtana: 2022-09-18.
  13. Valentine Low (2016-06-22). "Queen: Give me three reasons to stay in Europe" (en). The Times. Dáta rochtana: 2022-09-18.
  14. "The Sun dares to use the Queen again in Brexit front page" (en). the Guardian (2016-06-22). Dáta rochtana: 2022-09-18.