Meacan bán
speiceas plandaí
(Athsheolta ó Cuirdín bán)
Planda débhliantúil is ea an meacan bán (nó, uaireanta, cuirdín bán ar an gcineál fiáin[1]). Tá sé in ann fás 1.5 m ar airde ach níos lú de ghnáth, agus tá sé dúchasach don Eoraip agus iarthar na hÁise ach a tugadh isteach i Meiriceá Theas is Thuaidh agus an Astráil. Na duilleoga roinnte i dteascáin ubhchruthacha nó leathfhada suas le 10 cm ar fhad. Na bláthanna buí gan seipil, in umbail 3-10 cm ar leithead. An toradh ubhchruthach, leathan sciathánach. Fástar go trádálach é i gcomhair na mbunfhréamhacha a itear mar ghlasra agus a úsáidtear mar fhoráiste d'ainmhithe.[2]
Pastinaca sativa | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | parsnip (en) |
Planda | |
Dath na mbláthanna | buí agus flannbhuí |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Apiales |
Fine | Apiaceae |
Géineas | Pastinaca |
Speiceas | Pastinaca sativa L., 1753 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Pastinaca sativa” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Meacan bán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 442.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |