Imoibriú idir ocsaigin ón aer agus carbón is hidrigin sa bhreosla chun dé-ocsaíd charbóin is uisce a chruthú, agus teas mar fhotháirge. Tugtar an teas dócháin ar an teas a chruthaíonn mól d'ábhar. I ngnáth-thuirbín gaile, úsáidtear an teas seo chun uisce a fhiuchadh is gal a sholáthar, rud a dhéanann an tuirbíndineamó a rothlú chun leictreachas a ghiniúint. Sna córais is fearr, ní athraítear ach 40% ar éigin de theasfhuinneamh an bhreosla i bhfuinneamh leictreach. Cailltear an chuid eile den bhunfhuinneamh don timpeallacht. Ba mhaith an scéal é dá mb'fhéidir feidhm fhiúntach a bhaint as níos mó den fhuinneamh seo, ach chomh maith leis an neamhéifeacht chaifeach seo cruthaítear fotháirgí dochracha eile sa dó — dé-ocsaíd charbóin, dé-ocsaíd sulfair, ocsaídí nítrigine is eile — a scaiptear san atmaisféar. Cuireann dé-ocsaíd charbóin le hiarmhairt cheaptha teasa an atmaisféir, rud a chuireann le forthéamh domhanda, creidtear go forleathan. De réir dealraimh, feidhmíonn dé-ocsaíd sulfair is ocsaídí nítrigine san aer chun báisteach aigéadach a dhéanamh agus coillte a leagan thar an leathchruinne thuaidh. Glactar leis go bhfuil sé sárphráinneach sceitheadh na ngás díobhálach seo a laghdú agus a laghdú tuilleadh.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dó". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 217.