Dmitri Anatolyevich Medvedev
Is státaire Rúiseach é Dmitri Anatolyevich Medvedev Fuaimniú (14 Meán Fómhair 1962 - ]. Bhí sé ina Uachtarán ar an Rúis ó 2008 go dtí 2012 agus ina Phríomh-Aire ó 8 Bealtaine 2012 go dtí 2020. Ó 2020 ar aghaidh, is leaschathaoirleach an Chomhairle Slándála é.
Saol
cuir in eagarÓige
cuir in eagarBhronn Ollscoil Stáit Leningrad céim sa dlí ar Medvedev sa bhliain 1987.[1] Ansin chuaigh sé le staidéar iarchéime sa dlí, i bpost ceangailte leis an ollúnacht sa dlí sibhialta san ollscoil.
Fuair Medvedev a chéim 'Iarrthóir na hEolaíochta' (dochtúireacht) sa bhliain 1990, mar gheall ar thráchtas dar teideal 'Fadhbanna maidir leis an bPearsantacht Dhlíthiúil Shibhialta atá ag Fiontar Stáit a Chur i gCrích'.
Dlíodóir
cuir in eagarMhúin Medvedev an dlí Rómhánach agus an dlí sibhialta in Ollscoil Stáit Chathair Pheadair go dtí 1999. Bhí sé ina chomhairleoir dlí do roinnt gnóthaí ag an am céanna.
In éineacht le daoine eile, scríobh sé téacsleabhar ar an dlí sibhialta a raibh an-rath air, a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1991 le roinnt eagrán ina dhiaidh sin.
Tá Medvedev ina phríomhúdar ar léargas dlí ar athchóiriú státseirbhís na Rúise a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 2004.
Sna 1980í agus go luath sna 1990í bhí dlúthbhaint idir Medvedev agus Anatoly Sobchak, a bhí ina mhéara ar Chathair Pheadair idir 1991 agus 1996. Bhí Sobchak i measc na n-ollúna a bhí ag Medvedev san ollscoil agus bhí sé ina scoláire dlí clúiteach.
Polaitíocht
cuir in eagarNuair a rinneadh Príomh-Aire de Vladimir Putin sa bhliain 1999, duine eile a bhí ceangailte le Sobchak, thosaigh Medvedev ag obair dó i Moscó agus bhí sraith jabanna aige, mar shampla bainisteoir feachtais do Putin i dtoghchán na huachtaránachta sa bhliain 2000, cathaoirleach ar Gazprom (2000 go 2001, 2002 go 2008), Ceann Foirne sa Chreimil (2003 go 2005) agus An Chéad Leas-Phríomh-Aire (2005 go 2008).
Sa bhliain 2008 ní raibh Putin i dteideal seasamh i dtoghchán na huachtaránachta chun a tríú téarma i ndiaidh a chéile a bhaint amach. Mar sin moladh Medvedev mar iarrthóir ar an uachtaránacht ag Páirtí na Rúise Aontaithe agus na páirtithe eile a bhí ag tacú le Putin.
Toghadh Medvedev le tromlach mór, de réir an chomhairimh oifigiúil agus bhí sé ina Uachtarán ar an Rúis ar feadh ceithre bliana. Déanadh príomh-aire do Phútín ag an am céanna, tar éis dó an uachtaránacht a ghéilleadh do Medvedev.
I Meán Fómhair na bliana 2011, d'fhógair Medvedev nach seasfadh sé don darna téarma sa toghchán an bhliain ina dhiaidh. Mar sin tháinig Putin ar ais mar Uachtarán sa bhliain 2012, agus cheap sé Medvedev ina Phríomh-Aire.
Polasaithe
cuir in eagarNíl daoine ar aon intinn an bhfuil difríochtaí polaitiúla suntasacha idir Medvedev agus Putin (mar shampla maidir leis an daonlathas, le cearta an duine nó le conas dul i ngleic leis an éilliú). Ar aon nós, is cinnte go bhfuil Medvedev agus Putin ag obair go dlúth le chéile le fiche bliain anuas.
Conspóid
cuir in eagarRinne Alexei Navalny scannán de Medvedev agus chonaic níos mó ná 30 mln duine é.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-09-15.
- ↑ Eoin Ó Murchú (2020). "Táthar ag iarraidh diabhail a dhéanamh de na Rúisigh arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-14.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |