Dmitri Anatolyevich Medvedev

(Athsheolta ó Dmítrí Medvedev)

Is státaire Rúiseach é Dmitri Anatolyevich Medvedev Fuaimniú(cabhair, comhaid) (14 Meán Fómhair 1962 - ]. Bhí sé ina Uachtarán ar an Rúis ó 2008 go dtí 2012 agus ina Phríomh-Aire ó 8 Bealtaine 2012 go dtí 2020. Ó 2020 ar aghaidh, is leaschathaoirleach an Chomhairle Slándála é.

Dmitri Anatolyevich Medvedev
Dmitry Medvedev govru official photo 2.jpg
Deputy Chairman of the Government of the Russian Federation (en) Aistrigh


First Deputy Chairman of the Government of the Russian Federation (en) Aistrigh

Samhain 14, 2005 - Bealtaine 12, 2008
3. President of Russia (en) Aistrigh

Bealtaine 7, 2008 - Bealtaine 7, 2012
Vladímír Pútín - Vladímír Pútín
Prime Minister of Russia (en) Aistrigh

Bealtaine 8, 2012 - Eanáir 16, 2020
Vladímír Pútín - Mikhail Mishustin
Saol
Eolas breithe Cathair Pheadair, Meán Fómhair 14, 1965(56 bliain d’aois)
Náisiúntacht An tAontas Sóivéadach
An Rúis
Áit chónaithe Cathair Pheadair
Moscó
Grúpa eitneach Rúisigh
Teanga dhúchais An Rúisis
Muintir
Céile/Céilí Svetlana Medvedeva (en) Aistrigh  (1993 -
Oideachas
Alma mater Voronezh State University (en) Aistrigh
Faculty of Law, Saint Petersburg State University (en) Aistrigh
(1982 - 1987)
Leibhéal oideachais PhD in Law (en) Aistrigh
Teangacha An Rúisis
An Béarla
Gairm
Gairm saineolaí dlí, polaiteoir agus duine den lucht gnó
Airde 163 cm
Fostóirí Saint Petersburg State University (en) Aistrigh
Duais
Creideamh
Reiligiúin Ceartchreidmheach an Oirthir
Páirtithe polaitíochta An Rúis Aontaithe
Páirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh
IMDb nm3792617
da-medvedev.ru
Signature of Dmitry Medvedev.svg

SaolCuir in Eagar

ÓigeCuir in Eagar

Bhronn Ollscoil Stáit Leningrad céim sa dlí ar Medvedev sa bhliain 1987.[1] Ansin chuaigh sé le staidéar iarchéime sa dlí, i bpost ceangailte leis an ollúnacht sa dlí sibhialta san ollscoil.

Fuair Medvedev a chéim 'Iarrthóir na hEolaíochta' (dochtúireacht) sa bhliain 1990, mar gheall ar thráchtas dar teideal 'Fadhbanna maidir leis an bPearsantacht Dhlíthiúil Shibhialta atá ag Fiontar Stáit a Chur i gCrích'.

DlíodóirCuir in Eagar

Mhúin Medvedev an dlí Rómhánach agus an dlí sibhialta in Ollscoil Stáit Chathair Pheadair go dtí 1999. Bhí sé ina chomhairleoir dlí do roinnt gnóthaí ag an am céanna.

In éineacht le daoine eile, scríobh sé téacsleabhar ar an dlí sibhialta a raibh an-rath air, a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1991 le roinnt eagrán ina dhiaidh sin.

Tá Medvedev ina phríomhúdar ar léargas dlí ar athchóiriú státseirbhís na Rúise a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 2004.

Sna 1980í agus go luath sna 1990í bhí dlúth-bhaint idir Medvedev agus Anatoly Sobchak, a bhí ina mhéara ar Chathair Pheadair idir 1991 agus 1996. Bhí Sobchak i measc na n-ollúna a bhí ag Medvedev san ollscoil agus bhí sé ina scoláire dlí clúiteach.

 
2008

PolaitíochtCuir in Eagar

Nuair a rinneadh Príomh-Aire de Vladimir Putin sa bhliain 1999, duine eile a bhí ceangailte le Sobchak, thosaigh Medvedev ag obair dó i Moscó agus bhí sraith jabanna aige, mar shampla bainisteoir feachtais do Putin i dtoghchán na huachtaránachta sa bhliain 2000, cathaoirleach ar Gazprom (2000 go 2001, 2002 go 2008), Ceann Foirne sa Chreimil (2003 go 2005) agus An Chéad Leas-Phríomh-Aire (2005 go 2008).

 
2011

Sa bhliain 2008 ní raibh Putin i dteideal seasamh i dtoghchán na huachtaránachta chun a tríú téarma i ndiaidh a chéile a bhaint amach. Mar sin moladh Medvedev mar iarrthóir ar an uachtaránacht ag Páirtí na Rúise Aontaithe agus na páirtithe eile a bhí ag tacú le Putin.

Toghadh Medvedev le tromlach mór, de réir an chomhairimh oifigiúil agus bhí sé ina Uachtarán ar an Rúis ar feadh ceithre bliana. Déanadh príomh-aire do Phútín ag an am céanna, tar éis dó an uachtaránacht a ghéilleadh do Medvedev.

I Meán Fómhair na bliana 2011, d'fhógair Medvedev nach seasfadh sé don darna téarma sa toghchán an bhliain ina dhiaidh. Mar sin tháinig Putin ar ais mar Uachtarán sa bhliain 2012, agus cheap sé Medvedev ina Phríomh-Aire.

 
2010ː Medvedev agus Putin le chéile
 
2019

PolasaitheCuir in Eagar

 
2020

Níl daoine ar aon intinn an bhfuil difríochtaí polaitiúla suntasacha idir Medvedev agus Putin (mar shampla maidir leis an daonlathas, le cearta an duine nó le conas dul i ngleic leis an éilliú). Ar aon nós, is cinnte go bhfuil Medvedev agus Putin ag obair go dlúth le chéile le fiche bliain anuas.

ConspóidCuir in Eagar

Rinne Alexei Navalny scannán de Medvedev agus chonaic níos mó na 30 mln duine é.[2]

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-09-15.
  2. Eoin Ó Murchú (2020). "Táthar ag iarraidh diabhail a dhéanamh de na Rúisigh arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-14.



Ceannairí na Rúise
    Impireacht na Rúise (1721–1917)

Peadar I | Caitríona I | Peadar II | Áine | Ivan VI | Éilís | Peadar III | Caitríona II | Pól I | Alastair I | Nioclás I | Alastair II | Alastair III | Nioclás II

      An tAontas Sóivéadach (1917–1991)

Vlaidímír Léinín | Iósaf Stailín | Georgy Malenkov | Nicíte Cruistsiof | Leonid Brezhnev | Yuri Andropov | Konstantin Chernenko | Míchail Gorbaitsov

  Cónaidhm na Rúise (1991-inniu)

Boris Yeltsin | Vladímír Pútín | Dmitry Medvedev