Féilte na nGael

na ceithre fhéile móra ag na Gaeil fadó (Samhain, Imbolg, Bealtaine, Lúnasa)

Bhí ceithre fhéile móra ag na Gaeil fadó (Samhain, Imbolg, Bealtaine, Lúnasa), chomh maith le roinnt féilte beaga.[1] Nuair a tugadh an Chríostaíocht go hÉirinn tuairim is 1500 bliain ó shin, chuir na sagairt agus na manaigh cuma na Críostaíochta ar chuid de na nósanna a bhí ag na Págánaigh roimhe sin. Mar gheall air sin, bíonn cuid de na féilte a bhí ag na SeanGhaeil á gceiliúradh go fóill in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Cluichí úll: An Bhlarna 1832 (péintéir Daniel Maclise sa bhliain 1833).

Bhí tábhacht leis na grianstadanna (na laethanta is faide agus is gairide) agus leis na cónochtaí (nuair a bhíonn an agus an oíche ar comhfhad lena chéile) fosta. Is dócha go mbaineann cuid mhór de nósanna na Nollag agus Lá Fhéile Stiofáin le deasghnátha na bPágánach do ghrianstad an gheimhridh (Buachaillí an Dreoilín, mar shampla, nuair a bhíodh daoine ag dul ó theach go teach ar lorg airgid) agus go bhfuil baint idir Oíche/Lá Fhéile Eoin nó Oíche Fhéile San Seáin agus grianstad an tsamhraidh.

Dia tríshleasach, "Lugus", Iarsmalann Carnavalet, Páras.

Séasúir na SeanGhael cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. bbc.co.uk (27 D.F. 2011). "Féilte na SeanGhael". Dáta rochtana: 4 Lúnasa 2018.