Micheál Mac Liammóir

aisteoir Éireannach
(Athsheolta ó Mícheál Mac Liammóir)

Fear ildánach, aisteoir, drámadóir, gníomhaí ealaíne (nó agent artistique) agus scríbhneoir Sasanach ba ea Micheál Mac Liammóir[1] (a rugadh Alfred Willmore ar 25 Deireadh Fómhair 1899 i Londain agus a fuair bás ar 6 Márta 1978 i mBaile Átha Cliath), agus an phearsa amharclainne ba mhó in Éirinn sa 20ú haois.[2] Aithnítear inniu an Liammóireach ar dhuine de na drámadóirí is mó le rá i gcanóin liteartha na Gaeilge.[3]

Infotaula de personaMicheál Mac Liammóir
Beathaisnéis
Breith25 Deireadh Fómhair 1899
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Márta 1978
78 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Naomh Fhiontain, Cill Fhionntain Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, aisteoir scannáin, comhairleoir amharclainne, aisteoir stáitse, péintéir, drámadóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

IMDB: nm0533943 IBDB: 7738
Discogs: 3492419 Find a Grave: 23442877 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí cluas mhaith aige don cheol agus don fhocal labhartha; ní raibh baint ar bith ag a mhuintir le hÉirinn agus d'fhoghlaim sé Gaeilge mar dhuine fásta.

Rinne Mac Liammóir an-iarracht a fhéiniúlacht nua Ghaelach a mhúnlú. Agus é sna fichidí, bhí an Ghaeilge ar a thoil aige agus leag sé seo béim ar an bhféiniúlacht nua seo. Ba léir do mhuintir na drámaíochta in Éirinn go raibh sé ag aisteoireacht trína shaol ar fad, agus gur bhain sé leas as an nGaeilge leis an bhféiniúlacht seo a chothú agus a bhuanú.[3]

Fógra san iris 'Éire' sa bhliain 1940
Leabharlann Willesdenː d'fhás Alfred Willmore suas sa bhaile seo, atá cóngarach do Kilburn

Rugadh Alfred Willmore ar 25 Deireadh Fómhair 1899 i Kensal Green, Londain (Alfred Willmore ar a theastas breithe). Phrotastúnaigh ba ea a thuismitheoirí agus d'fhás Alfred suas i Kensal Green, Londain. Ní léir go raibh aon bhaint ag a mhuintir le hÉirinn.

 
An Taibhdhearc, Gaillimh

Páiste éachtach a bhí ann. Mar Alfred Willmore, bhí sé ar cheann de na príomhaisteoirí óga i gcomhlacht Noël Coward ar stáitse Shasana.[4] Chaith sé samhradh na bliana 1914 ar cuairt chuig a sheanaint sa Spáinn agus d’fhoghlaim Spáinnis. D’fhoghlaimeodh sé Gaeilge, Gearmáinis, Fraincis agus Iodáilis ar ball.[2]

 
a pháirtí agus a chomhghleacaí, Hilton Edwards le Harry Kernoff, 1928

Thosaigh sé ag foghlaim ealaíne sa Willesden Polytechnic (cé gurb í Scoil Slade is mó a luann sé féin; bréagadóir cruthanta ab ea é).

Bhí an-suim ag Willmore i bhfilíocht Yeats agus thosaigh sé ag cuardach féiniúlacht Ghaelach a bheadh feiliúnach dá spéis nua i litríocht na hÉireann.[3] Sa scoil ealaíne i Londain a casadh air Máire O’Keefe. Bhí tionchar mór aici air agus mhair a gcairdeas go bhfuair sí bás in 1927.[2][5]

Chuir aiste le Yeats faoi dhraíocht é agus d’oscail “doras mór i m’aigne”.[6] Thit Willmore faoi dhraíocht chultúr na hÉireann:[7] Chinn sé in aois a ocht mbliana déag go ndéanfadh sé Éireannach de féin.


Thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge i rang de chuid Chonradh na Gaeilge in Ludgate Circus. Tháinig sé go hÉirinn 26 Márta 1917 in éineachtt le Máire O’Keefe agus a máthair. Seans go raibh eagla air go gcoinscríofaí é dá bhfanadh sé i Londain.

 
Amharclann Gate, BÁC

Bhí sé ina bhall de Shinn Féin agus rinne canbhasáil do Risteárd Ó Maolchatha i mórthoghchán 1918. Timpeall an ama seo, d'aistrigh sé a ainm agus sloinne go Gaeilge. D’éirigh sé cairdiúil le Pádraic Ó Conaire agus is faoina thioncharsan a thosaigh sé ar Ghaeilge Chonnacht a labhairt.

Foilsíodh a chéad leabhar, leabhar as Gaeilge, Oidhcheannta Sidhe, sa bhliain 1922.

Nuair a buaileadh Máire O’Keefe breoite in 1921 d’imigh sé in éineacht léi chun na hEilvéise.[8] Sna 1920idí thaistil sé ar fud na hEorpa. Scríobh sé leabhar as Gaeilge sa bhliain 1929, Lá agus Oíche (rinne sé cur síos ar na turais a thug sé ar áiteanna ar nós Páras, an tSicil agus Oberammergau).[9] D’éag Máire i Menton na Fraince 7 Eanáir 1927.[2]

An Taibhdhearc

cuir in eagar

Ar ais in ÉIrinn in 1927, chabhraigh a chara nua, Hilton Edwards (aisteoir Sasanach eile), leis chun slacht a chur ar dhráma a bhí scríofa aige, Diarmuid and Gráinne. In earrach 1928 shocraigh Mac Liammóir gurbh é an leagan Gaeilge den dráma sin an chéad dráma a léireofaí san amharclann úrnua i nGaillimh, An Taibhdhearc, ar 27 Lúnasa 1928.[2]

Faoi dheireadh 1928 bhí an bheirt aisteoirí, Mac Liammóir agus Hilton Edwards ar ais i mBaile Átha Cliath agus é d’aidhm acu amharclann a bhunú ina mbeadh an bhéim ar dhrámaí idirnáisiúnta. Bunaíodh an Dublin Gate Theatre Company ar Oíche Nollag 1929. D’oscail siad a n-amharclann nua féin i gCearnóg Pharnell 17 Feabhra 1930.[2]

Saol pearsanta

cuir in eagar

D'oibrigh Mac Liammóir i gcomhar lena pháirtí, Hilton Edwards, sa Gate an chuid eile dá shaol, agus bhí caidreamh homaighnéasach idir an bheirt acu. Caidreamh proifisiúnta agus rómánsúil a bhí idir an bheirt, caidreamh a lean ar aghaidh go dtí laethanta a mbáis.

Chaith siad beirt a saol lena chéile ar shlí a bhí inghlactha go maith ag sochaí na hÉireann.[3] Seasann scéal na beirte seo amach toisc gur ghlac sochaí na hÉireann lena gcairdeas. Mar shampla, nuair a bhásaigh an bheirt acu, ligeadh dóibh a bheith curtha in aon uaigh amháin.

Féiniúlacht

cuir in eagar

Lean Mac Liammóir lena thógáil ar an bhféiniúlacht Ghaelach le linn a shaol. nuair a mhínigh sé d’iriseoirí agus do chriticeoirí gur rugadh i gContae Chorcaí é, rud nach raibh fíor. Ba léir, áfach, nach raibh éinne sásta bréag an drámadóra a scaoileadh uathu.

Ghlactaí leis go forleathan gur sa Charraig Dhubh i gCorcaigh a rugadh Willmore nuair a bhí sé beo. Ba léir, áfach, nach raibh éinne sásta bréag an drámadóra a scaoileadh uathu le linn a shaol. Is léir gur ghlac criticeoirí agus léirmheastóirí na Gaeilge agus na hÉireann le Mac Liammóir mar chineál Gaeil agus mar dhrámadóir fíorchumasach le linn a shaol.

Ní bhfuair an pobal amach an fhírinne go dtí 1990 nuair a foilsíodh beathaisnéis nua.[10]

Scríobh Mac Liammóir neart saothar i nGaeilge; dhá dhráma, dhá bhailiúchán gearrscéalta, dhá leabhar faoin aisteoireacht agus faoin amharclann maraon le leabhar filíochta.[3] Moladh iarrachtaí fileata agus liteartha an scríbhneora go hard na spéire i gcritic na Gaeilge le linn a shaol.

Leabhair as Gaeilge

cuir in eagar
  • Ceo Meala Lá Seaca (tháinig an leabhar seo amach faoi bhráid an Bhoird na Leabhar Gaeilge sa bhliain 1952)[11]
  • Oícheanna Sidhe
  • Lá agus Oíche[9]
  • Aisteoirí Faoi Dhá Sholas
  • Bláth agus Taibhse

Leabhair i mBéarla

cuir in eagar
  • Put Money In Thy Purse
  • Each Actor On His Ass
  • Enter A Goldfish
  • All For Hecuba
  • Theatre in Ireland
  • Ireland
  • An Oscar Of No Importance
  • W.B.Yeats and his world, with Eavan Boland

Drámaí as Gaeilge

cuir in eagar

Drámaí i mBéarla

cuir in eagar
  • Diarmuid and Grainne / Diarmuid agus Gráinne
  • Ill Met By Moonlight
  • Where Stars walk
  • The Importance of Being Oscar (One-man show)
  • I Must Be Talking To my Friends (One-man show)
  • Talking About Yeats (One-man show)
  • Prelude in Kazbek Street (1973)ː Rinne an Liammóireach iarrachtaí an homaighnéasacht a léiriú sa dráma seo, a mhol tuiscintí i leith na homaighnéasachta

Féach freisin

cuir in eagar
  1. bhí "Mac Liaimmhóir" (sic) mar shloinne aige den chéad uair san iris An Claidheamh Soluis ar 15 Eanáir 1919. Fiú coicíos roimhe sin ba é ‘Mac Uaimmhóir’ a bhí aige. Bhí leagnacha eile ann, mar shampla Mac Uallmóir srl. (leabhar Pine, 1998)
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 "MAC LIAMMÓIR, Micheál (1899–1978)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-06.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 Jonathan William Richards (maynoothuniversity.ie) (2016). "AN SPÁS ISTIGH AGUS AN SPÁS AMUIGH: AITIÚ SPÁIS I SAOTHAIR LITEARTHA MHICHÍL UÍ CHONGHAILE AGUS CHATHAIL UÍ SHEARCAIGH". Dáta rochtana: 2021.
  4. Jim Doyle (2019-10-25). "Birth of Micheál Mac Liammóir, Actor, Writer & Poet" (en). seamus dubhghaill. Dáta rochtana: 2021-03-06.
  5. ‘Chuas chuig an Slade School le péintéireacht a fhoghlaim agus faoin am sin tharla gur léigh mé aiste le fear darbh ainm Yeats. “Ireland and the Arts” a bhí mar theideal ar an aiste agus creidim gur athraigh sé mó shaol ar fad. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an gcaoi ar oscail sé doras mór im’ aigne, ar an domhan nua draíochta a thaispeáin sé dhom.... Chuimhnigh mé go raibh seanathair agus seanmháthair agam a raibh Gaeilge acu agus tháinig an smaoineamh chugam go tobann mar a bheadh splanc soluis ann go gcaithfinn Gaeilge a fhoghlaim’ (Ceo meala lá seaca, 1952)
  6. Máire Ní Fhinneadha (28 Márta 2023). "Micheál Mac Liammóir agus George Michael i ndráma sa Taibhdhearc / ‘Wáltsáil Abhaile’ ag Antoine Ó Flathartha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-28.
  7. Tom Madden (2015). "The Making of an Artist: Creating the Irishman Micheál MacLiammóir" (as en). Liffey Press. 
  8. Mayu Cantu. "The truthful masks of Micheal Mac Liammoir". Dáta rochtana: 2021.
  9. 9.0 9.1 "Gearrscéalta V". www.askaboutireland.ie. Dáta rochtana: 2021-03-06.[nasc briste go buan]
  10. Micheál Ó hAodha (1990). "The Importance of Being Micheál: A Portrait of MacLiammóir" (as en). Brandon. 
  11. Vivian Uíbh Eachach. "Bord na Leabhar Gaeilge" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-03-06.