Míona cnoic
géineas éan
Éan de chlann na ndruideanna, dúchasach don India is oirdheisceart na hÁise. Áitríonn sé foraoisí, ag ithe torthaí, feithidí, neachtair, agus uaireanta laghairteanna. Dubh le sprochaillí buí ar an gceann. Maireann sé i ngrúpaí beaga, agus neadaíonn i bpoll i stoc crainn. Is minic ina éan cáis é de bhrí go ndéanann sé aithris ar ghuth an duine. Ní dhéanann sé a leithéid is é saor sa nádúr.[1]
Gracula | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Passeriformes |
Fine | Sturnidae |
Géineas | Gracula L., 1758 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Míona cnoic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 461.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |