Magnóilia
Tom nó crann duillsilteach nó síorghlas, dúchasach d'oirthear Mheiriceá Thuaidh agus oirthear na hÁise is ea an mhagnóilia.[1] Na duilleoga snasta go minic. Na bláthanna mór de ghnáth, cupánchruthach le cuid mhaith fáinní de theascáin iombhlátha bána nó bándearga. Strobalas, cosúil le buaircín le cuid mhaith cairpéal, is ea an toradh. An-chuid cineálacha an-choitianta. Mar gheall ar airíonna éagsúla, tógáil an bhlátha is a thoradh, mar shampla, meastar go minic gurb iad na plandaí bláfara is buntúsúla dá bhfuil ann. Os cionn 80 speiceas ann.[2]
Magnolia | |
---|---|
bláth | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | magnolia (en) |
Planda | |
Cineál an toraidh | follicetum (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Magnoliales |
Fine | Magnoliaceae |
Fofhine | Magnolioideae |
Géineas | Magnolia L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Magnolia virginiana |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | Pierre Magnol |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Magnolia” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Magnóilia". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 430.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |