Piaine
Luibh nó tom ilbhliantúil is an phiaine, í dúchasach don Eoraip (an Ghréig go háirithe), an Áise is iarthar Mheiriceá Thuaidh. Na duilleoga roinnte ina nduilleoigíní maothánacha. Na bláthanna mór feiceálach, le dathanna ó bhán nó buí go dtí bándearg nó dearg, suas le 15 cm ar leithead le 5-10 peiteal is an iliomad staimíní. An-chuid cineálacha, hibridí is saghsanna saothraithe a fhástar mar mhaisiúchán. Áirítear faoi láthair 33 speiceas di a bheith ann.[1]
Paeonia | |
---|---|
Paeonia suffruticosa | |
Taifead | |
Planda | |
Cineál an toraidh | falacail |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Saxifragales |
Fine | Paeoniaceae |
Géineas | Paeonia L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Paeonia officinalis |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Piaine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 516.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |