Ball d'aon chlann de 3 chlann phlandaí feoiliteacha ina mbíonn na duilleoga mionathraithe ina ngaistí ascaideacha le claibíní, le huisce is einsímí iontu. Go minic bíonn na hascaidí lasta le baill dhearga, faireoga meala acu is fuinneoga tréshoilseacha ar an dromchla istigh, nó astaíonn siad boladh chun an fheithid creiche a mhealladh isteach. Faoin bhfaireog meala bíonn crios mín ar a sleamhnaíonn na feithidí síos, agus ansin crios eile le ribí dírithe síos a chuireann in éadan iarrachtaí na feithide éalú. Báitear an fheithid sa sreabhán ag a bhun agus díleáitear í. Clann amháin díobh seo dúchasach do Mheiriceá Theas trópaiceach, oirthear Mheiriceá Thuaidh is California (luibh ilbhliantúil, le bunchnotaí ascaidí cuartha, bláthanna ar luascadh, ceann amháin nó níos mó ar ghais gan duilleoga). An dara clann, is dúchasach í do na trópaicí in oirdheisceart na hÁise, an Astráil agus Mhadagascar (luibheanna is toim, go minic eipifítí a dhreapann le teannóga a fhásann amach as easna láir na duilleoige, fásann bun na teannóige ina ascaid, na bláthanna beag i spící, na fireannaigh is na baineannaigh ar phlandaí difriúla, gan pheitil ach le 4-5 sheipeal a bhíonn gealdaite go minic). Sa 3ú clann níl ach an cuilghaiste, atá dúchasach d'iarthar na hAstráile (luibh ilbhliantúil le bunchnota ina bhfoirmíonn cuid de na duilleoga ascaidí, na bláthanna le 6 pheiteal daite, iompartha ar ghas gan duilleoga).[1]

Nepenthes truncata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Planda ascaideach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 523.