Réalteolaíocht na Síne

D'fhás an réalteolaíocht sa tSín neamhspleách ar an iarthar, agus bhain sí an-chuid éachtaí amach:

  • an chéad taifead ar urú na Gealaí i 1361 RC, 4 cinn eile i 1279 RC;
  • tomhas ar an nGrian agus eolaire 12 mhí (roimh 1100 RC);
  • áirimh ailgéabracha ar na réaltaí (roimh an 5ú céad RC);
  • grinniú ar chóiméad Halley (b'fhéidir i 611 RC, ach go cinnte i 467 RC);
  • tiomsú chatalóga na réaltaí (faoin 5ú céad RC);
  • fad na bliana a ríomh mar 365¼ lá (444 RC);
  • tuairisc ar ghluaiseachtaí Iúpatair is Satairn (350 RC);
  • 1080 réalta cláraithe i 6 rang gile (1ú céad RC);
  • taifead ar ghrianspotaí (28 RC);
  • iarmhairt na Gealaí ar thaoidí aimsithe (80 AD);
  • tuiscint ar uruithe is rothlú na Gealaí (2ú céad);
  • loingseoireacht le cabhair na réaltaí (2ú céad);
  • breathnú ar eireaball cóiméid dírithe amach ón Ghrian (635);
  • breathnú ar ollnóva (1054, nár taifeadadh san Eoraip); clog réalteolaíochta, sféar bráisléadach, cruinneog neamhaí, fuinnmhithe le huisce (1080);
  • réadlann mhór (1280, 300 bliain roimh an gcéad cheann san Eoraip); taifead ar 90 ollnóva is 581 cóiméad faoi 1700.
Réadlann Gaocheng (nó Dengfeng), a tógadh sa tSín sa bhliain 1276 agus atá ina Suíomh Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO anois.

Is ón mbunús Síneach an córas comhordanáidí réaltaí a úsáidtear ar fud an domhain anois.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Réalteolaíocht na Síne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 553.