Rú
Tom beag cumhra síorghlas le boladh is blas searbh, dúchasach do na Balcáin ach a fhaightear beagnach gach áit. An gas ceathairuillinneach, go minic le crúcaí bídeacha. Na duilleoga caol i bhfáinní scothghorma/glasa is iad roinnte i dteascáin dhingeacha chruinne. Na bláthanna bídeach, le 4-5 pheiteal salach buí (uaireanta bán nó scothghlas), a mbarra cuartha suas. Saothraítear é mar luibh cócaireachta is leighis. Suas le 400 speiceas ar eolas.[1]
Ruta graveolens | |
---|---|
Planda | |
Cineál an toraidh | capsúl |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Sapindales |
Fine | Rutaceae |
Géineas | Ruta |
Speiceas | Ruta graveolens L., 1753 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Rú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 569.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |