B'é Saddām Hussein ʻAbd al-Majīd al-Tikrīt (28 Aibreán, 1937 - 30 Nollaig, 2006), uaireanta litrithe mar HusaynHussain; (Araibis: صدام حسين عبد المجيد التكريتي) uachtarán na hIaráice ó 1979 go 2005.

Saddam Hussein
Saddam Hussein at trial, July 2004.JPEG
Uachtarán na hIaráice

Iúil 16, 1979 - Aibreán 9, 2003
Ahmed Hassan al-Bakr - Coalition Provisional Authority (en) Aistrigh
Príomh-Aire na hIaráice

Bealtaine 29, 1994 - Aibreán 9, 2003
Ahmad Husayn Khudayir as-Samarrai - Mohammad Bahr al-Ulloum
Saol
Eolas breithe Al-Awja (en) Aistrigh, Aibreán 28, 1937
Náisiúntacht Kingdom of Iraq (en) Aistrigh
Republic of Iraq (1958–68) (en) Aistrigh
Ba'athist Iraq (en) Aistrigh
Áit chónaithe As-Salam Palace (en) Aistrigh
Bás Kadhimiya (en) Aistrigh, Nollaig 30, 2006
Áit adhlactha Al-Awja (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás pionós an bháis (crochadh)
Muintir
Athair Hussein 'Abid al-Majid
Céile/Céilí Sajida Talfah  (1958 -  Nollaig 30, 2006)
Samira Shahbandar  (1986 -  Nollaig 30, 2006)
Páistí
Oideachas
Alma mater Ollscoil Bhagdad
Cairo University (en) Aistrigh
(1960 - : dlí
Teangacha An Araibis
Gairm
Gairm polaiteoir agus saighdiúir
Airde 186 cm
Saothar iomráiteach Zabibah and the King (en) Aistrigh
Duais
Seirbhís mhíleata
Brainse míleata Iraqi Armed Forces (en) Aistrigh
Republican Guard (en) Aistrigh
Céim muhib (en) Aistrigh
marshal (en) Aistrigh
Throid sé/sí ag Cogadh Iaráin - Iaráic
Invasion of Kuwait (en) Aistrigh
Cogadh na Murascaille
Cogadh na hIaráice
1991 uprisings in Iraq (en) Aistrigh
Iraqi–Kurdish conflict (en) Aistrigh
Kurdish Rebellion of 1983 (en) Aistrigh
Iraqi invasion of Iran (en) Aistrigh
Creideamh
Reiligiúin Sunnaíoch
Páirtithe polaitíochta Baath Party (en) Aistrigh
IMDb nm0404010
Saddam Hussein Signature.svg
1980

Teacht i gcumhachtCuir in Eagar

Tháinig Saddam chun cinn mar bhall de Pháirtí Ba'ath na hIaráice. Bhí páirt lárnach aige i Réabhlóid an 17ú Iúil sa bhliain 1968.

 
1980idí

Gan mórán moill, rinne Leas-Uachtarán de, faoi cheannasaíocht an Ghinearáil Ahmed Hassan al-Bakr. Bhí an Ginearál ag dul in aois agus bhí lán muinín aige as Saddam mar fhear láidir a choimeádfadh naimhde agus céilí comhraic an tstáit ón doras.

 
1988

Le linn na 1970idí, dhainghnigh sé dlúthghreim ar gach ni den rialtas agus chuir airgead nua ola le borradh as cuimse le geilleagar na tíre. Cé go raibh a chomh-Sunnaígh ach ina mionlach beag sa tír, orthu siúd a bhronn sé na poist ba mhó.

Cogadh Iaráin - IaráicCuir in Eagar

Ar an 22 Meán Fómhair 1980, rinne Saddam Hussein ionradh ar an Iaráin. Idir na blianta 1980-1988, maraíodh b'fhéidir 1,000,000 ar an dá thaobh[1]. Úsaideadh airm ceimiceacha ar shibhialtaigh, go háirithe i mBaşûr (An Chordastáin Theas san Iaráic).

 
Muintir Hussein - 1980idí

Thacaigh an tIarthar le Saddam Hussein.[2] Chuir an cogadh tús le breis imní i dtaobh soláthairtí ola agus thug sé spreagadh láidir maidir le dlús a chur le forbairt foinsí eile fuinnimh.[3]

 
Feabhra, 1991: Chuir fórsaí míleata Saddam Hussein olacheantair Chuáit le tine.

Cogadh na MurascailleCuir in Eagar

Thosaigh an Cogadh na Murascaille ar an 2 Lúnasa 1990 nuair a thóg Saddam Hussein an t-ordú ionsaí a dhéanamh ar Chuáit. Bhí an bua ag na gComhguallithe sa deireadh ar an 28 Feabhra 1991, ach níor cuireadh an ruaig ar Saddam Hussein. Agus iad ag teith ó Chuáit, dhóigh na hIarácaigh a lán de na tobair ola atá go flúirseach sa tír seo.

Cogadh na hIaráiceCuir in Eagar

 
Villa Hussein in Arbil, scriosta i 2003

Ar an 19 Márta 2003 chuir an chomhghuáillíocht tús leis an gcogadh in aghaidh Saddam Hussein[4].

Rinne comhghuaillíocht ina raibh na Stáit Aontaithe Mheiriceá sa diallait air ionradh ar an Iaráic chun Saddam a ruaigeadh as oifig. Bhí Uachtarán na Stáit Aontaithe George W. Bush agus Príomhaire na Breataine Tony Blair ag cur ina leith le fada an lae ach go mí-chruinn, go raibh airm ollscriosta ina seilbh aige, gan trácht ar nascanna le h-al-Qaeda

Gabháil agus básúCuir in Eagar

 
Gabháil Hussein i Tikrit i 2005

Ar an 13 Nollaig 2003 ghabh trúpaí Mheiriceá Saddam Hussein.[5] Thosaigh triail os comhair Bhinse Speisialta na hIaráice ar 19 Deireadh Fómhair 2005, inar cúisíodh Saddam Hussein agus seachtar eile i gcoireanna in aghaidh na daonnachta i dtaca le Sléacht Dujail sa bhliain 1982.[6]

Ciontaíodh é agus gearradh pionós an bháis air ar an 5 Samhain 2006. Rinne Amnesty International agus grúpaí eile cáineadh géar, ag rá gur chuir an rialtas isteach ar na breithiúna agus go raibh srianta míchuí ar abhcóidí na gcosantóirí. Ina theannta sin, ba mhór an cáineadh a rinneadh ar an méid tionchair a bhí ag údaráis SAM ar thionscnamh agus ar riaradh na n-imeachtaí in aghaidh Saddam agus a chomhchosantóirí.

Crochadh Saddam i "Camp Justice", suite i Kazimain in aice le Bagdad ar 30 Nollaig 2006.[7] Crochadh é sular cuireadh tháinig triail eile chun críche, inar cúisíodh i gcinedhíothú é, i dtaobh fheachtas Anfal ag deireadh na 1980idí.

 
Gabháil Hussein i 2005

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Iran-Iraq War | Causes, Summary, Casualties, & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2020-09-22.
  2. "United States support for Iraq during the Iran–Iraq War" (in en) (2020-09-19). Wikipedia. 
  3. "Committee Reports::Report No. 01 - Community Aid for Solid Fuel Production::08 February, 1984::Report". archive.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-09-22.
  4. beo.ie, EAGRÁN 24 · AIBREÁN 2003
  5. "Trial of Saddam Hussein" (in en) (2020-10-04). Wikipedia. 
  6. Scoil Dlí, COBÁC. "Saddam" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-10-22.
  7. "Execution of Saddam Hussein" (in en) (2020-10-09). Wikipedia.