Stair Iosrael
De réir an Bhíobla, thug Maois na hIosraeilítigh go dtí an tír tar éis 40 bliain sa bhfásach. Bhí géarleanúint ar na hIosraeilítigh le linn dóibh bheith i ngéibheann ag na Bablónaigh, agus arís cuireadh chun siúil iad tar éis am Chríost, nuair a leagadh an dara Teampall. Níor fhan ach an-bheagán díobh sa tír go dtí gur thosaigh buíon bheag ag filleadh ag deireadh an 19ú haois.
Sainordú na Breataine
cuir in eagar- Ar an 2 Samhain 1917, tharla "Dearbhú Balfour": d'fhógair an Rúnaí Gnóthaí Eachtracha sa Bhreatain, Arthur Balfour ag an am, go mbunófaí stát Giúdach sa Phalaistín.
- Sainordú na Breataine sa Phalaistín, 1920idí-1940idí
1940idí: Bunú an Stáit agus Nakba
cuir in eagarSpreag cinedhíothú na nGiúdach (an tUileloscadh) bunú stáit Iosrael mar thearmann do na Giúdaigh. Ach de réir a chéile sa 20ú haois, tháinig rómánsúlacht chun cinn a bhaineann le scéal Iosrael mar thearmann na nGiúdach a d’éalaigh ó chinedhíothú na Naitsíoch, agus neartaíodh riail an choilíneachais sna Críocha faoi Fhorghabháil.[1]
- Sna 1940idí, rinne an Irgun, mílíste Síónach de chuid Menachem Begin (príomh-aire Iosrael níos déanaí) feachtas sceimhlitheoireachta i gcoinne na bPalaistíneach agus na mBriotanach (mar shampla Buamáil Óstán Rí Daithí in 1946, cuid den "Gluaiseacht Frithbheartaíochta na nGiúdach").
- 1947. Plean críochdheighilte de chuid na Náisiún Aontaithe don Phalaistín. Tharraing Réiteach an Dá Stát conspóid níos déanaí.
- Ar 14 Bealtaine 1948, "Forógra na Saoirse" san Iosrael. D'fhógair rialtas Iosrael go foirmeálta go raibh neamhspleáchas bainte amach aige.[2]
Na Cogaí
cuir in eagar- Cogadh na Sé Lá. Ar an 5 Meitheamh 1967, rinne Iosrael ionsaí ar an Éigipt. Cuireadh tús le Cogadh na Sé Lá.
- Bhris Cogadh Yom Kippur amach an 6 Deireadh Fómhair 1973
- Sceimhlitheoireacht na bPalaistíneach le linn na 1970idí: Sléacht München, 1972 agus Oibríocht Entebbe, 1976
- Ionradh Iosrael ar an Liobáin i 1978. Bunaíodh UNIFIL, chun maoirsiú a dhéanamh ar Fhórsaí Iosrael. Is réimse é ina bhfuil obair uasal déanta le fada ag comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.[3]
1980idi - 1990idí : Dóchas agus antoisceachas
cuir in eagar- Comhaontuithe Osló. In Osló i 1993[4] agus i 1995,[5] d’aontaigh Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (an PLO) conarthaí le hIosrael, na Comhaontuithe Osló. Thug an PLO aitheantas don stát Iosraelach.
Teacht chun cinn na heite fíor-dheise in Iosrael ó na 1990idí ar aghaidh:
- 1994 - Sléacht Mhosc Ibrahimi ;
- 1995 - Feallmharaíodh Rabin, Príomh-aire Iosrael. Giúdach ceartchreidmheach agus antoisceach den eite dheis a rinne é.
- Bhí cuid den Liobáin faoi fhorghabháil mhíleata Iosraelach ó 1982 go 2000. Tharla sléachtanna.
- 2000: theip ar na cainteanna síochána Camp David.[6]
21ú haois : Coimhlint Iosrael v. comharsana
cuir in eagar- Cuireadh deireadh leis an Dara Éirí Amach na bPalaistíneach (Intifada nó الانتفاضة الثانية, Al-Intifāḍa aṯ-Ṯhāniya) sa bhliain 2005
- Tosóidh Iosrael ag tarraingt amach ó Stráice Gaza i samhradh na bliana 2005, de réir ráitis a chuir Airiél Searón, Príomh-aire Iosrael amach i Meán Fómhair, 2004.[7][8]
- Coimhlint Iosrael–Gaza 2014
- Agóidí Gaza-Iosrael, 2018-2019
- Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2021
- Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022
- Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2023
- Cogadh Iosrael-Gaza, 2023 ar aghaidh
- Cinedhíothú na bPalaistíneach, 2023-2024. Ag an am céanna, bhí Benjamin Netanyahu, príomh-aire Iosrael, agus a leithéid ag súil le líomhain an fhrithSheimíteachais a úsáid mar sciath chosanta.
- Imscrúdú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta sa Phalaistín
- Scrúdú na Cúirte Bhreithiúnais Idirnáisiúnta maidir le forghabháil na hIosrael ar chríocha Palaistíneacha
- Coimhlint Iosrael-Hezbollah
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Israeli-occupied territories" (as en) (2024-04-02). Wikipedia.
- ↑ "Israeli Declaration of Independence" (as en) (2019-05-14). Wikipedia.
- ↑ Office of the President of Ireland. "News President Pays Tribute To Irish Peacekeepers" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2020-05-29.
- ↑ "Declaration of Principles on Interim Self-Government Arrangements". web.archive.org (2002-11-15). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2002-11-15. Dáta rochtana: 2024-01-04.
- ↑ "Israeli-Palestinian Interim Agreement on the West Bank and the Gaza Strip". web.archive.org (2002-11-15). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2002-11-15. Dáta rochtana: 2024-01-04.
- ↑ "2000 Camp David Summit" (as en) (2024-03-14). Wikipedia.
- ↑ "Population statistics for Israeli settlements in the Gaza Strip" (as en) (2024-03-28). Wikipedia.
- ↑ "Israeli disengagement from Gaza" (as en) (2024-03-29). Wikipedia.