Vincent Barry

ceimiceoir Éireannach

Ceimicí is taighdeoir míochaine a rugadh i gCorcaigh ab ea Vincent Christopher Barry (1908-1975).[1] Rinne sé taighde forleathan ar dhrugaí a d'fhéadfadh a bheith éifeachtach mar chóireálacha i gcoinne na heitinne, a bhí ina sciúirse ar phobal na tíre seo i lár an 20ú céad. An baictéar Mycobacterium tuberculosis is cúis leis an ngalar seo. D'aimsigh sé dhá chomhdhúil a bhí éifeachtach i gcoinne na heitinne, agus ar an dea-uair, ceann eile a fuarthas a bheith éifeachtach i gcoinne baictéir ghaolmhair, Mycobacterium leprae, cúis an lobhra. Is cóireáil thábhachtach í seo anois ar an ngalar uafásach sin.[2]

Infotaula de personaVincent Barry
Beathaisnéis
Breith1908
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1975
66/67 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreDrug development (en) Aistrigh agus pharmaceutical research (en) Aistrigh
Gairmeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Tagairtí cuir in eagar

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “BARRY, Vincent (1908–1975) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Hussey, Matt (2011). "Vincent Christopher Barry". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 64.