Vincent Barry
ceimiceoir Éireannach
(Athsheolta ó Vincent Christopher Barry)
Ceimicí is taighdeoir míochaine a rugadh i gCorcaigh ab ea Vincent Christopher Barry (1908-1975).[1] Rinne sé taighde forleathan ar dhrugaí a d'fhéadfadh a bheith éifeachtach mar chóireálacha i gcoinne na heitinne, a bhí ina sciúirse ar phobal na tíre seo i lár an 20ú céad. An baictéar Mycobacterium tuberculosis is cúis leis an ngalar seo. D'aimsigh sé dhá chomhdhúil a bhí éifeachtach i gcoinne na heitinne, agus ar an dea-uair, ceann eile a fuarthas a bheith éifeachtach i gcoinne baictéir ghaolmhair, Mycobacterium leprae, cúis an lobhra. Is cóireáil thábhachtach í seo anois ar an ngalar uafásach sin.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1908 Corcaigh, Éire |
Bás | 1975 66/67 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Drug development (en) agus pharmaceutical research (en) |
Gairm | eolaí |
Teangacha | Béarla |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “BARRY, Vincent (1908–1975) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Vincent Christopher Barry". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 64.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |