Úsáideoir:Jennifer Ní Chiardubháin/Clár Dubh

Teimpléad:Bosca Sonraí Eagraíochta Is é Cumann Rugbaí na hÉireann (Irish Rugby Football Union nó IRFU as Béarla) an eagraíocht a rialaíonn rugbaí in Éirinn - Poblacht agus Tuaisceart. Tá ceannoifig Chumann Rugbaí na hÉireann lonnaithe ag 10/12 Bóthar Lansdún, Droichead na Dothra i mBaile Átha Cliath.[1]

Cluiche Rugbaí cuir in eagar

Is cluiche fisiciúil an rugbaí. Tá an-tóir ar rugbaí in Éirinn. Maireann cluichí rugbaí ochtó nóiméad agus tarlaíonn an sos leath ama tar éis daichead nóiméad.[2] Tá cúig imreoir déag ar fhoireann rugbaí. [2] Tá seacht n-ionadach ar fáil gach cluiche.[2] Caithfidh an fhoireann na pointí is mó a scóráil chun an cluiche a bhuachan. Tá an pháirc rugbaí 100 méadar agus ta sé seachtó mhéadar ar leithead. [2] Is féidir pointí a scóráil ceithre bhealach éagsúla:

  1. Cic slánaithe - is cic saor é seo. Má fhaigheann an t-imreoir pionós agus má éiríonn leo gheobhaidh siad trí phointe.[2]
  2. Preabchúl - Tarlaíonn sé seo nuair a thosaíonn an t-imreoir an liathróid rugbaí as a lámh. [2]
  3. Úd - Tarlaíonn sé seo nuair a chuireann an t-imreoir rugbaí an liathróid taobh thiar den líne chúil. [2]
  4. Cic pionóis - bronntar trí phointe ar fhoireann má scórálann siad cic pionóis.[2]
 
Staid Aviva

Stair cuir in eagar

Bunú an Chumainn cuir in eagar

Bunaíodh an chéad Chlub Peile Rugbaí in Éirinn sa bhliain 1854.[3] Is é Club Peile Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Béarla: Dublin University Football Club) an t-ainm agus bunaíodh é i gColáiste na Tríonóide.[4] D'fhoghlaim mic léinn ón ollscoil seo faoi rugbaí den chéad uair má d’fhreastail siad ar scoileanna poiblí Béarla.[3] Bunaíodh ocht bhfoireann rugbaí eile sa 19ú haois.[3]

  1. Club Peile Wanderers (Béarla: Wanderers Football Club) - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1869.[3]
  2. Club Peile Lansdún (Béarla: Lansdown Football Club)[5] - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1872.[3]
  3. Club Peile Chontae Cheatharlach (Béarla: County Carlow Football Club)[6]- Bunaíodh an club seo sa bhliain 1873.[3]
  4. Club Peile Rugbaí Dhún Geanainn (Béarla: Dungannon Rugby Football Club)[7] - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1873.[3]
  5. Club Rugbaí Bheal Átha na Sluaige (Béarla: Ballinasloe Rugby Club)[8] - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1875.[3]
  6. Club Peile Thuaisceart na hÉireann (Béarla: North of Ireland Football Club)[9] - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1868.[3]
  7. Club Peile Rugbaí Ollscoil na Banríona - (Béarla: Queen's University Rugby Football Club)[10] - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1869.[3]
  8. Club Peile Rugbaí Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (Béarla: University College Cork Rugby Football Club)[11] - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1872.[3]

Ó 1874 go 1879 bhí dhá chumainn rugbaí in Éirinn. Bhí Cumann Peile na hÉireann i gceannas ar chlubanna i gCúige Laighean, i gCúige Mumhan agus cuid den gCúige Uladh.[3] Bhí Cumann Peile Thuaisceart na hÉireann i gceannas ar chlubanna i mBéal Feirste.[3]

Imríodh an chéad chluiche idirnáisiúnta in Éirinn i gcoinne Shasana i mí Feabhra sa bhliain 1875. Bhí dhá imreoir déag as Cúige Laighen agus ochtar imreoirí as Cúige Uladh ar an bhfoireann.[3]

Sa bhliain 1879, tugadh na cumainn i gceann a chéile in aon chumann amháin agus bunaíodh Cumann Rugbaí na hÉireann ar an cúigiú lá de mhí Feabhra sa bhliain 1879.[3] Ag an am seo, chuaigh Cúige Uladh, Cúige Laighean agus Cúige Mumhan isteach i gCumann rugbaí na hÉireann.

Bhí an cruinniú seo ar siúl i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.[12] Ag an gcruinniú seo bhí W.C. Neville, J.G. Cronyn agus W.J. Goulding i láthair.[12] Is duine tábhachtach é W.C Neville mar bhí sé ina chaptean ar fhoireann na hÉireann agus níos deanaí toghadh ina huachtarán ar an gCumann Rugbaí na hÉireann.[12]

Cuspóirí an Chumainn cuir in eagar

Ag an gcrinniú tháinig an dá chumann ar chomhaontú.[12] De réir théarmaí an chomhaontaithe:

  1. Chruthófaí Cumann Peile Rugbaí na hÉireann don tír ar fad.[12]
  2. Bhunófaí foirne Rugbaí i gCúige Laighean, Cúige Uladh agus Cúige Mumhan.[12]
  3. Bhunófaí Coiste de Chumann Rugbaí na hÉireann. Bheadh ​​seisear ball as gach cúige ar an gcoiste.[12]

Sa bhliain 1885, chuaigh sé fhoireann is fiche (as gach cearn d'Eirinn) isteach i gCumann Rugbaí na hÉireann.[3] Thainig deich bhfoireann as Cúige Uladh. Thainig naoi bhfoireann as Cúige Laighean. Thainig seacht bhfoireann as Cúige Mumhan.[3] Bunaíodh an fhoireann Chonnacht sa bhliain 1885.

Coiste Chumann Rugbaí na hÉireann cuir in eagar

Tá údarás ag Cumann Rugbaí na hÉireann ar gach club rugbaí in Éirinn.[13] Ba é Diúc Abercorn an chéad Uachatarán an chumainn sa bhlian 1874.[14] Is iad na hainmneacha atá liostaithe thíos baill reatha an choiste:

  • Is é Des Kavanagh Uachtarán an chumainn .[13]
  • Is iad John Robinson agus Greg Barrett Leasuachtaráin an chumainn.[13]
  • Is é Patrick Kennedy Cisteoir Oinigh an chumainn.[13]
  • Is é Declan Madden Cathaoirleach an chumainn.[13]
  • Is é Nicholas (Nicky) Comyn Iar-Uachtarán an chumainn.[13]

Páirc Rugbaí cuir in eagar

Staid Bóthar Lansdún cuir in eagar

 
Staid Aviva

Bhunaigh Henry Wallace Doveton Dunlop an staid sa bhliain 1872.[15] Bhí an staid suite i nDroichead na Dothra, Baile Átha Cliath. [15] Ba é an staid idirnáisiúnta is sine ar domhan é. Imríodh comórtais spóirt éagsúla sa staid seo. Tharla an chéad chluiche rugbaí sa bhliain 1876.[15] D’imir foireann Laighean agus foireann Uladh sa chluiche seo. Bhí an chéad chluiche idirnáisiúnta rugbaí, idir Éire agus Sasana sa bhliain 1878. D'imir Éire i gCorn an Domhain sa Rugbaí den chéad uair sa bhlian 1991.[15] Leagadh an staid sa bhliain 2007.[15] Cuireadh Staid Aviva in ionad Staid Bóthar Lansdún.[15]

Staid Aviva cuir in eagar

Tógadh Staid Aviva sa bhliain 2010. [16] Tá áit sa staid do 50,000 duine.[16] Tá an staid faoi chomhúinéireacht ag Cumann Rugbaí na hÉireann agus ag Cumann Peile na hÉireann.[16] Is staid idirnáisiúnta é. Imríonn foireann sacair na hÉireann agus foireann rugbaí na hÉireann sa staid seo.[16] Imríodh an chéad cluiche rugbaí sa staid ar an Satharn, an seachtú lá de Lunasa sa bhliain 2010.[16] D'imir imreoirí as Cúige Laighean agus Cúige Ulaidh i gcoinne imreoirí as Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan.[16] Imríonn Club Peile Lansdún agus Club Peiile Wanderers sa staid Aviva freisin.[12]

Tá údarás ag Cumann Rugbaí na hÉireann ar Pháirc Thuamhan i gcontae Luimneach agus ar Pháirc Cnoc an Fhéich[17] i mBéal Feirste.[12]

Comórtais cuir in eagar

Comórtais Idirnáisiúnta cuir in eagar

  • Craobh na Sé Náisiún - Is comórtas idirnáisiúnta rugbaí é. Imríonn an Fhrainc, Éire, Sasana, an Iodáil, an Bhreatain Bheag agus Albain sa chomórtas seo. Thosaigh an comórtas níos mó ná 138 bliain ó shin.[18] Bhuaigh Éire an comórtas ceithre huaire déag.[19]
  • Corn an Domhain sa Rugbaí - Tarlaíonn sé gach ceithre bliana agus imríonn fiche foireann sa chomórtas idirnáisiúnta. Is é Corn an Domhain an tríú comórtas spóirt is mó ar domhan.[20]
  • Corn na Náisiún Fómhar - Tá an comórtas idirnáisiúnta nua seo idir an Bhreatain Bheag, Sasana, Fhrainc, Albain, an Iodáil, Fidsí, Éire, agus an tSeoirsia.[21]
  • Craobh na Sé Náisiún na mBan - Bhí Craobh Náisiún Baile na mBan ar siúl den chéad uair sa bhliain 1996.[18]
  • Craobh na Sé Náisiún U20.[22]
  • Craobh na Sóisear.[23]

Craobhchomórtais na gcúigí cuir in eagar

  • Guiness Pro14 - Imríonn 14 fhoireann as Éirinn, Albain, an Iodáil, an Bhreatain Bheag agus an Afraic Theas sa chomórtas seo. Cuireadh tús leis an gcomórtas sa bhliain 1999.[24]
  • An Corn Ceilteach - Is comórtas seachtaine go seachtain é an Corn Ceilteach. Imríonn imreoirí gairmiúla nua ó na ceithre chúige in Éirinn agus ó cheithre réigiún na Breataine Bige sa chomórtas seo. Maireann an comórtas ocht seachtaine.[25]
  • Corn na Seaimpíní Heineken - Imríodh an comórtas seo den chéad uair i 1956. Imríonn foirne éagsúla ó na tíortha an Fhrainc, Éire, Sasana, an Iodáil, an Bhreatain Bheag agus Albain sa chomórtas seo.[26]
  • Comórtas Coirn - Imríonn 14 fhoireann sa chomórtas seo.[27]

An tSraith Náisiúnta cuir in eagar

  • An tSraith Uile-Éireann Energia - Is é an tsraith náisiúnta do chlubanna rugbaí in Éirinn.[28] Imríonn caoga club rugbaí sa chomórtas seo.[12]

Lógó agus Siombailí cuir in eagar

Lógó cuir in eagar

Úsáideadh an sean-lógó chun rugbaí na hÉireann a léiriú ar feadh 134 bliana.[29] Sa bhliain 2009, rinne Cumann Rugbaí na hÉireann lógó nua.[29] Tá cosúlachtaí áirithe eatarthu mar bhí trí seamróga agus liathróid rugbaí le feiceáil ar an dá lógó.[29] Tá an lógó nua i bhfad níos nua-aimseartha ach ag an am céanna, tá beim mhór ar stair na hÉireann agus ar fhéiniúlacht Cumann Rugbaí na hÉireann.[29]

 
Geansaí Rugbaí na hÉireann

Bratach cuir in eagar

Is bratach ghlas é. Tá tábhacht shiombalach ag baint leis an mbratach mar tá suaitheantais na gceithre chúige ar an mbratach. [30] Tá an lógó "IRFU" scríofa ar an mbratach freisin.[30]

Amhrán Náisiúnta cuir in eagar

Tá dhá amhrán náisiúnta rugbaí ann. Is é Amhrán na bhFiann an t-amhrán náisiúnta oifigiúil.[31] Ní sheinntear an t-amhrán seo ach ag cluichí baile. Ceiliúrann an t-amhrán seo neamhspleáchas na hÉireann ón mBreatain. [31] Mar thoradh tá a lán teannas ag baint leis an amhrán seo. De bharr, shocraigh Cumann Rugbaí na hÉireann amhrán nua a chruthú. [32] Scríobh Phil Coulter amhrán nua 'Ireland's Call' sa bhliain 1995. [33] Cantar é ag cluichí sa bhaile agus as baile.[31]

Clubanna Rugbaí na hÉireann cuir in eagar

 
Liathróid Rugbaí

Tá timpeall 60,000 imreoirí rugbaí in Éirinn. [3] Tá caoga a naoi gclub i gCúige Mumhan.[3] Tá naoi gclub déag i gCúige Chonnacht.[3] Tá seachtó a haon club i gCúige Laighean. [3] Tá caoga a sé club i gCúige Uladh.[3]

Foireann Chumann Rugbaí na hÉireann cuir in eagar

Bunaíodh an foireann seo sa bhliain 1879.[12] Tá tríocha sé imreoirí ar scuad rugbaí na hÉireann.[34] Is é Jonathan Sexton captaen na foirne.[34] Is é Andy Farrell príomhchóitseálaí na foirne seo.[35]

Foireann Chlub na hÉireann cuir in eagar

Bunaíodh an fhoireann seo sa bhliain 2006. [36] Tá an fhoireann seo comhdhéanta d’imreoirí rugbaí níos sine ó chlubanna éagsúla rugbaí na hÉireann.[36] D’imir siad a gcéad chluiche i gcoinne club Albanach.[36] Faoi ​​láthair d’imir siad cúig chluiche is fiche. Bhuaigh siad trí chluiche déag agus chaill siad deich gcluiche.[36]

Foirne Cúige cuir in eagar

Foireann Chonnacht cuir in eagar

Bunaíodh é sa bhliain 1885, nuair a tháinig sé chlub níos lú le chéile chun an fhoireann Chonnacht a bhunú.[37] Tá an fhoireann shinsearach cúige seo mar chuid de Chumann Rugbaí na hÉireann.[37] Is é Willie Ruane Príomhfheidhmeannach an chlub. Is é Ted Carty Uachtarán an chlub. Imríonn siad i bPáirc imeartha. [38] Tá áit sa staid do 7,500 duine. [38] Tá an club bunaithe i nGaillimh.[37] Is é Jarrad Butler captaen na foirne. [38] Is é Andy Friend cóitseálaí na foirne seo.[38]

Foireann Laighean cuir in eagar

Bunaíodh é sa bhliain 1879.[39] Tá an fhoireann cúige seo mar chuid de Chumann Rugbaí na hÉireann. Imríonn siad sa staid Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath.[39] (Béarla RDS Arena). [40] Tá áit sa staid do 18,500 duine.[39] Is é Jonathan Sexton captaen na foirne.[39] Is é Leo Cullen cóitseálaí na foirne seo.[39]

Foireann Uladh cuir in eagar

Bunaíodh é sa bhliain 1879. [41] Tá foireann Uladh ar cheann de na ceithre fhoireann cúige de Chumann Rugbaí na hÉireann. [41] Imríonn siad sa staid Kingspan i mBéal Feirste.[42] Tá áit sa staid do 18,000 duine. [41] Is é Iain Henderson captaen na foirne.[41] Is é Dan McFarland cóitseálaí na foirne seo.[41]

Foireann na Mumhan cuir in eagar

Bunaíodh é sa bhliain 1879.[43] Tá foireann Mumhan ar cheann de na ceithre fhoireann cúige de Chumann Rugbaí na hÉireann.[43] Imríonn siad sa staid rugbaí Pháirc Thuamhan i gcontae Luimneach.[43] (Béarla: Thomand Park)[44] Tá áit sa staid do 25,600 duine.[43] Is é Peter O'Mahony captaen na foirne.[43] Is é Johann van Graan cóitseálaí na foirne seo.[43]

Iontaobhas Carthanachta Chumann Rugbaí na hÉireann cuir in eagar

Bunaíodh Iontaobhas Carthanachta Chumann Rugbaí na hÉireann sa bhliain 1978.[45] Bunaíodh é chun cabhrú le himreoirí rugbaí gortaithe. Faoi ​​láthair tá tríocha hocht imreoir rugbaí le gortuithe a athraíonn a saol.[45] Tá gortuithe inchinne nó gortuithe dromlaigh ag na himreoirí seo.[45] Díríonn an charthanacht seo ar chabhrú leis na himreori seo.[45] Cuireann sé tacaíocht mhorálta agus tacaíocht airgid ar fáil do na himreoirí.[45]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Irish Rugby Football Union". www.lobbying.ie. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 2.6 2.7 "Rugby Rules: How To Play Rugby | Rules of Sport". www.rulesofsport.com. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  3. 3.00 3.01 3.02 3.03 3.04 3.05 3.06 3.07 3.08 3.09 3.10 3.11 3.12 3.13 3.14 3.15 3.16 3.17 3.18 3.19 3.20 3.21 "HISTORY OF THE IRISH RUGBY FOOTBALL UNION" (en). irishrugby.ie. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  4. ""the University of Dublin, Trinity College"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  5. "Bóthar Lansdún/Lansdowne Road" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  6. "Ceatharlach/Carlow" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  7. "Dún Geanainn/Dungannon" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  8. "Béal Átha na Sluaighe/Ballinasloe" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  9. ""Northern Ireland"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  10. ""Queen's University"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  11. ""Coláiste na hOllscoile, Corcaigh"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  12. 12.00 12.01 12.02 12.03 12.04 12.05 12.06 12.07 12.08 12.09 12.10 "Rugby Football History". www.rugbyfootballhistory.com. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  13. 13.0 13.1 13.2 13.3 13.4 13.5 "IRFU Committee" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  14. "IRFU Presidents" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  15. 15.0 15.1 15.2 15.3 15.4 15.5 "Lansdowne Road". www.rugbyfootballhistory.com. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  16. 16.0 16.1 16.2 16.3 16.4 16.5 "Aviva Stadium : Lansdowne Road : Dublin 4 : Republic of Ireland Soccer Team New Football Ground for Home Matches". www.soccer-ireland.com. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  17. "Cnoc an Fhéich/Ravenhill" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  18. 18.0 18.1 world.rugby. "Six Nations 2021: All you need to know about this year’s tournament | World Rugby". www.world.rugby. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  19. "Six Nations Winners - A look back at tournament history" (en-US). Rugby World (2021-01-27). Dáta rochtana: 2021-02-04.
  20. world.rugby. "Tournament General Information | Rugby World Cup" (en). www.rugbyworldcup.com. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  21. world.rugby. "Autumn Nations Cup 2020: All you need to know about the tournament and the eight nations competing in it | World Rugby". www.world.rugby. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  22. "Under-20 Six Nations Championship" (en-GB). Six Nations Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  23. "Comprehensive League Tables - The Official Home of Irish Rugby" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  24. "About Us - Guinness PRO14". www.pro14.rugby. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  25. "Connacht Rugby | IRFU launch schedule for upcoming Celtic Cup campaign" (en). Connacht Rugby (2019-07-22). Dáta rochtana: 2021-02-03.
  26. "Heineken Champions Cup | European Champions Cup | RugbyPass" (en). www.rugbypass.com. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  27. "Challenge Cup | Qualification" (en-GB). European Professional Club Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  28. "Men" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  29. 29.0 29.1 29.2 29.3 "IRFU Launch New Identity" (en-US). Irish Rugby (2009-08-05). Dáta rochtana: 2021-02-04.
  30. 30.0 30.1 "Buy The Flag And Fly The Flag" (en-US). Irish Rugby (2015-09-15). Dáta rochtana: 2021-02-04.
  31. 31.0 31.1 31.2 Jessica Lindsay Read more: https://metro.co.uk/2018/03/10/ireland-two-national-anthems-7375538/?ito=cbshare Twitter: https://twitter.com/MetroUK | Facebook: https://www.facebook.com/MetroUK/+(2018-03-10).+"Why do Ireland have two national anthems?" (en). Metro. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  32. Rory Carroll (2019-08-10). "Ireland’s Call: how a derided rugby dirge became a song for Irish unity" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  33. "Irish Song Lyrics - Ireland's Call". www.irishsongs.com. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  34. 34.0 34.1 "Ireland Senior Squad - The Official Home of Irish Rugby" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  35. "Ireland Men Management - The Official Home of Irish Rugby" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  36. 36.0 36.1 36.2 36.3 "Ireland Club Team" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  37. 37.0 37.1 37.2 "Connacht Rugby | About" (en). Connacht Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  38. 38.0 38.1 38.2 38.3 "Connacht" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  39. 39.0 39.1 39.2 39.3 39.4 "Leinster Information" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  40. ""rds"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  41. 41.0 41.1 41.2 41.3 41.4 "Ulster" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  42. "About Us" (en-US). Ulster Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  43. 43.0 43.1 43.2 43.3 43.4 43.5 "Munster" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  44. ""Thomond Park"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  45. 45.0 45.1 45.2 45.3 45.4 "About Us – IRFU Charitable Trust" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-02-05.

Féach freisin cuir in eagar