Gaeilge na hAlban

(Athsheolta ó A' Gàidhlig)

Ceann de na teangacha Gaelacha í Gaeilge na hAlban[1]Gàidhlig, mar a deir lucht labhartha na teanga féin. Foghrúpa de chuid na dteangacha Ceilteacha is ea na teangacha Gaelacha, mar atá, Gaeilge, Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanann. Is iad na teangacha Briotánacha, mar atá, Breatnais na Breataine Bige, an Choirnis i gCorn na Breataine, agus an Bhriotáinis sa Bhriotáin, na trí theanga chomhaimseartha san fhoghrúpa seo. Taobh istigh de gach foghrúpa den bheirt, tá na teangacha sách intuigthe ag cainteoirí a chéile, ach is deacair, fiú, an gaol atá ag an dá fhoghrúpa le chéile a aithint gan tuiscint éigin a bheith agat don teangeolaíocht Cheilteach.

Infotaula de llenguaGaeilge na hAlban
Gàidhlig na h-Alba agus Gàidhlig
Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais57,000 (2011)
Dúchasach doDún Éideann, Glaschú, Comhairle na Gàidhealtachd agus Albain
Stáitan Ríocht Aontaithe, Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil agus an Nua-Shéalainn
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ceilteacha
Ceiltis na nOileán
teangacha Gaelacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach agus aibítir na gcrann
Institiúid caighdeánaitheBòrd na Gàidhlig
Leibhéal leochaileachta3 cinnte i mbaol
Cóid
ISO 639-1gd
ISO 639-2gla
ISO 639-3gla
Glottologscot1245
Ethnologuegla
ASCL1101
Linguist Listgla
UNESCO411
IETFgd
Endangered languages3049

Is í Gaeilge na hAlban teanga na nGael in Albain, agus cé gur i nGarbhchríocha na hAlban atá a réimeas anois den chuid is mó, bhí sí i bhfad á labhairt sa chuid is mó den tír.

Tá áit ar leith aici i gcultúr na hAlban, agus aithníonn an chuid is mó de mhuintir na hAlban é seo, idir Ghaeil agus Ghaill. Tá saibhreas beul-aithris sa Ghaeilge, óir ba í teanga chultúr na mbard sa Ghàidhealtachd ar feadh na gcéadta bliain. Chuaigh an teanga i léig nuair a tosaíodh ar ghéarleanúint a dhéanamh ar mhuintir na Gàidhealtachda agus ar a gcuid nósanna, go háirithe tar éis Chath Chùl Lodail agus Fhuadach na nGael.

Inniu féin, tá dímheas ag cuid de mhuintir na hAlban ar an teanga, agus iad den tuairim nach bhfuil ann ach canúint gharbh gan úsáid liteartha.[2] Teuchters a thuganns siad ar mhuintir na nGarbhchríoch, focal a bhfuil blas díspeagúil ciníochais air.

Ba chirte Gaeilge na nGarbhchríoch agus na nOileán a thabhairt ar Ghaeilge na hAlban inniu, nó chuaigh an teanga in éag ar fad in Ísealchríocha na hAlban le fada an lá. Labhraítí Gaeilge na nÍsealchríoch i bhfad theas in Albain, sular thosaigh an Albainis ag fáil na láimhe in uachtar uirthi. Teanga is ea an Albainis — LallansBraid Scots — atá gaolmhar leis an mBéarla.

Gaeilgeoirí in Albain i 2001
 
Parlaimint na hAlban

Is léir go bhfuil go bhfuil an Ghàidhlig mar theanga phobail i dtrioblóid sna 2020idí. Sna hEileanan Siar, Tiriodh, agus Stafainn, na ceantair is láidre ó thaobh na teanga de, níl Gàidhlig líofa ar chaighdeán an chainteora dhúchais ach ag níos lú ná 4% de pháistí réamhscoile. Agus tá codarsnacht shuntasach idir líon na ndaoine a bhfuil an Ghaeilge agus an Ghàidhlig mar dhara teanga acu.[3]

Ach tar éis neamhshuim agus dímheas ar feadh na gcéadta bliain ó rialtais éagsúla, thosaigh Gaeilge na hAlban ag fáil roinnt aitheantais sa 21ú haois. Tá sí á múineadh sna scoileanna, ina measc scoileanna mar ar mheán teagaisc í.

Tá feidhm á baint aisti freisin i rialtas áitiúil, Comhairle nan Eilean. Tá stáisiún raidió sa teanga ag an BBC, Radio nan Gàidheal (agus bíonn comhchraoltacháin go rialta aige le Raidió na Gaeltachta, seirbhís raidió Gaeilge na hÉireann) Bíonn cláracha teilifíse sa teanga ar an BBC agus ar stáisiún ITV, go minic le fotheidil as Béarla. Tá stiúidió i Steornabhadh ag Grampian Television, a chuireann seirbhís ITV ar fáil i dtuaisceart na hAlban.

Mar sin féin, tá caint ar sheirbhís ar leith teilifíse i nGaeilge na hAlban, ar nós S4C sa Bhreatain Bheag agus TG4 in Éirinn. Mar a ceapadh sa Bhreatain Bheag, measadh nárbh fhearr na cláracha a shá isteach mar athraithe réigiúnda ar na príomhstáisiúin, mar nár leor é don 60.027 atá á labhairt, agus gur mhí-ádh é don 5.900.004 duine nach labhraíonn ach Béarla nó ´Scots´. Ach de réir dealraimh, níl sé soiléir gur 'mí-ádh' dóibh siúd é: taispeánann figiúirí féachana chlárach Gaeilge BBC amháin ar a laghad go mbreathnaíonn níos mó air ná Gaeilgeoirí na hAlban. Ná níl aon ghearáin á gcur ag an BBC mar gheall ar chláracha Gaeilge ar stáisiúin teilifíse an BBC, b'fhéidir mar go mbaineann daoine gan Ghaeilge ar bith taitneamh astu le fotheidil as Béarla.

 
Tá úsáid na Gaeilge ar rudaí oifigiúla dála comharthaí bóthair níos coitianta ná mar a bhí sí tráth

Tá comharthaí bóthair Ghaeilge á gcrochadh ar fud na Gaeltachta de réir a chéile. Go minic níor ghá ach glacadh leis an litriú ceart desna logainmneacha, ach fiú leis seo, b'éigin dul i gcoimhlint le frith-Ghaelachas, atá láidir go maith fós in áiteanna. Déanann iriseoirí nuachtáin magadh go minic de chultúr agus de theanga na nGael, i mbealach nach gceadófaí maidir le haon ghrúpa eile, agus iarrann siad deireadh a chur le gach aon chúnamh ón rialtas.

Rinne an tSuirbhéireacht Ordanáis iarrachtaí le blianta beaga anuas botúin ar mhapaí a cheartú. D´fhógair siad i 2004 go ndéanfaidís iarrachtaí ceart a chur leis an aineolas a bhí ar an nGaeilge, agus cheapadar coiste le logainmneacha cearta a chur ar na mapaí.

Thar na blianta, ní bhfuair Gaeilge na hAlban an t-aitheantas céanna agus a fuair an Bhreatnais ó rialtas na Ríochta Aontaithe. Ach ó tháinig féin-riail chun saoil, tá níos mó suime á chur i gcúrsaí Albanacha, agus tá ré-bhille Gaeilge foilsithe ag Parlaimint na hAlban.

Is iad príomhthréithe an Bhille ná:

  • Aitheantas dlíthiúil a thabhairt don Ghaeilge mar cheann de theangacha na hAlban;
  • Bòrd na Gàidhlig, a chuirfeadh an Ghaeilge ar aghaidh, a fhoirfiú de réir dlí, chun feidhm agus tuiscint ar an dteangan a chur ar aghaidh;
  • Iallach a chur ar Bhòrd na Gàidhlig Plean Náisiúnta Gaeilge a cheapadh chun go nglacfaí leis ag airí na hAlban;
  • Iallach a chur ar eagraisí poiblí in Albain plean teangan Gaeilge a phlé maidir leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.

Tar éis tréimhse comhairleacháin, nuair a cuireadh mórán iarratas chun an rialtas, an chuid is mó acu ag iarraidh an bhille a chur i dtreise, foilsíodh bille leasaithe, agus ba é an príomhleasú a deineadh ná go mbeadh treoir an Bhòird riachtanach anois de réir dlí (in ionad gan é a bheidh ach comhairleach).

Maíonn roinnt tráchtairí, mar shampla Éamonn Ó Gribín (2006) nach bhfágann Acht na Gàidhlig Gaeilge na hAlban ar chomhchéim agus ar chomhstádas leis an mBéarla nó fiú leis an mBhreatnais sa Bhreatain Bheag, agus go mbeadh duine amaideach nó saonta ag dréim go mbeidh athrú suntasach ann i dtaobh rathúnais na teangan mar thoradh ar iarrachtaí Bhord na Gàidhlig.[4]

Tá corradh is 500 go 1,000 cainteoirí dúchais in Alba Nua, ach tá a bhformhór aosta anois. I mí na Bealtaine 2004, d'fhógair an rialtas réigiúnda tionscnamh cistiúcháin le tacú leis an dteangan agus lena chultúr sa chúige.

Shínigh rialtas na Ríochta Aontaithe an Carta Eorpach um Theangacha Réigiúnda agus Mionlach i dtaobh Ghaeilge na hAlban.

Is eagras Iomairt Choilm Chille a dhéanann iarracht naisc a chothú idir Ghaeilgeoirí Éireann agus na hAlban.

Logainmneacha

cuir in eagar
  • Obar Dheathain — Obar Dheathain
  • Dún Déagh — Dùn Dèagh
  • Dún Éideann — Dùn Èideann
  • An Gearasdan — An Gearasdan
  • Glaschú — Glaschu
  • Inbhear Nis — Inbhir Nis
  • Peairt — Peairt
  • Sruighle — Sruighlea
  • Steórnabhagh — Steòrnabhagh

Ainmneacha pearsanta

cuir in eagar

Tá ainmneacha pearsanta Gaelacha ar leith ar nós Donnchadh, Dòmhnall. Tógadh ainmneacha ar iasacht ón Sean-Lochlannais, m.sh. Somhairle, Tormod. Tá foirmeacha ar leith d’ainmneacha ag a bhfuil ainmneacha gaolmhara i dteangacha eile na hEorpa, mar: Eòghan, Iain, Catrìona, Anna.

Tugann an fhoirm ghairmeach d’ainmneacha Gaelacha áirithe foirmeacha Béarla ar nós:

Seumas -> Sheumais -> Hamish;
Màiri -> Mhàiri -> Vairi.

Is iad na sloinnte Gaelacha is coitianta in Albain ná iad siúd a thosaíonn le Mac, ar nós Mac Gille Eathainn (MacLean). Tosaíonn an fhoirm bhaininscneach le Nic, mar a tharlaíonn sa nGaeilge: Catrìona Nic a' Phì a bheith ar Catriona Nic an Phí as Gaeilge.

Tagann sloinnte eile in Albain as dathanna, mar shampla: Bain (bàn/bán), Roy (ruadh/rua), Dow (dubh/dubh), Dunn (donn/donn).

Focail iasachta

cuir in eagar

Is de bhunadh Cheilteach formhór na foclaíochta i nGaeilge na hAlban. Tá roinnt iasachtaí ón Laidin, go háirithe i gcúrsaí eaglasta (eaglais, Bìoball), ón Lochlainnis (eilean, sgeir), ón Scoitis (sgealp, briogais) agus, i gcoitinne le teangacha eile na hEorpa, is gnách nuafhoclaíocht a chumadh d’fhréamhacha Gréigise agus Laidine (telebhisean), fiú más tríd an mBéarla a tháinig siad. Cuireann fás in úsáid fhocla Béarla le gramadach Ghaelach orthu imní ar go leor. Mar shampla, is minic "watchigeadh" (faire) and "catcheadh" (breith) á úsáid ar Leòdhas, díreach mar a deireanns cuid de mhuintir Ghaeltachtaí na hÉireann "matchannaí" ar chipíní nó lasáin, agus "ar mo bhicycle" in áit "ar mo rothar".

Ar an taobh eile den scéal, bhí tionchar ag an nGaeilge ar an Scoitis agus ar an mBéarla, go háirithe ar Bhéarla Caighdeánach na hAlban.

I measc na bhfocla a shíolraíonns ó Ghaeilge, tá whisky, slogan, brogue, jilt, clan, strontium, mar aon le rudaí suntasacha i dtíreolaíocht na hAlban, mar shampla ben (beinn), glen (gleann) agus loch.

Foinse: An Etymological Dictionary of the Gaelic Language, Alexander MacBain.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. “Gaeilge na hAlban” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-24.
  2. Ciarán Lenoach (2020-06-23). "Iontaobhas daonlathach Gàidhlig molta i staidéar nua" (as ga). 
  3. Bill Breathnach (14 Samhain 2024). "‘Níl fiúntas i bpolasaí teanga go dtí go gcuirfear i bhfeidhm é’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-14.
  4. http://geolinguistics.org/geo32articles/GEO-32-Williams-art.pdf Curtha i gcartlann 2017-10-11 at Archive-It LEGISLATIVE DEVOLUTION AND LANGUAGE REGULATION IN THE UNITED KINGDOM Colin H Williams Cardiff University

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
Vicipéid le fáil as Gaeilge na hAlban freisin
v · t · e Teangacha Ceilteacha
 
Teangacha Gaelacha
(Q-Cheilteach)
Teangacha Breatnacha
(P-Cheilteach)
      
Gaeilge ·Gaeilge Mhanann ·Gaeilge na hAlban |Briotáinis ·Coirnis ·Breatnais
 
Féach: Teangeolaíocht · Na Ceiltigh